Tá uair na cinniúna buailte linn maidir le hathrú aeráide

Is í Saoirse McHugh an t-iarrthóir Glas sa toghchán Eorpach do cheantar an Iarthuaiscirt/Meán Tíre ar 24 Bealtaine. Is gníomhaí aeráide agus feirmeoir orgánach as Oileán Acla í.


Ní raibh cóir shóisialta chomh tábhachtach riamh agus atá anois. Tá speiceas i ndiaidh speicis ag éag ag ráta as cuimse, tá na haigéin ag fáil bháis agus patrúin dothuartha aimsire ag baint ón gcumas atá againn bia a sholáthair. Tá Éire sa 27ú áit as 28 tír san Aontas Eorpach ó thaobh gníomh aeráide de, agus ag an am céanna tá níos mó tithe folmha againn ná daoine gan dídean. Is níos measa, seachas níos fearr atá rudaí ag éírí.

Agus an nualiobrálachas ag cogaint an tsochaí as a chéile, feicimid polaitíocht na heite deise ag dul i neart agus an milleán á chur ar na daoine is leochailí inár measc. 

Anois, níos mó ná riamh, tá orainn aontú i gcoinne na polaitíochta seo. Sa Bhreatain agus i Meiriceá, tá feicthe againn an dochar a dhéantar nuair nach dtagann na daoine maithe, na daoine cineálta, amach don vótáil. 

Ní féidir linn ligean don rud céanna tarlúint anseo. Ar fud na hEorpa, tá páirtithe ón eite dheis ag gluaiseacht, ag eagrú agus scaipeadh an uafáis, an eagla agus na seineafóibe. D’fhéadfadh na páirtithe seo suas go ceathrú de na suíocháin i bPairlimint na hEorpa a bhuachan agus d’fhágfadh sin muid le hAontas Eorpach atá iomlán difriúil ón gceann atá ag teastáil uainn. Fágfar an t-athrú aeráide ar leataobh, cé gurb é an dúshlán is mó atá romhainn. Ina áit pléifear smacht teorann.

In Éirinn, tá na glórtha ciníocha seo le cloisteáil. Níl siad sa bpríomhsruth go fóill ach caithfear iad a bhá le teachaireacht an chineáltais agus geallúintí an chomhionnanais. Tá uair na cinniúna buailte linn agus caithfimid cinneadh a dhéanamh mar gheall ar an gcineál sochaí atá uainn.

Ní ann don sóisialachas gan an timpeallachtachas. Is linne ar fad an t-aer, an t-uisce agus an talamh. Tá sé de cheart ag gach uile duine bia, uisce agus tearmann a bheith acu. Is í mandáid na nGlasach Eorpach ná “Geallúint na hEorpa a athnuachan”, chun an ghéarchéim aeráide a usáid chun an tsochaí a athchóiriú ar bhonn a bheidh níos comhionannaí. 

Tá sé i gceist againn athmhachnamh a dhéanamh ar an talamhaíocht agus ar an tionsclaíocht agus chun gluaiseacht i dtreo Eoraip nua, nach bhfágfar éinne inti ina dhiaidh.

Creidimise gur féidir leis an Eoraip, Éire ina measc, bheith inár n-eiseamláir agus an bealach chun tosaigh a thaispeáint ar conas pobail a thógáil atá inbhuanaithe agus cóir. 

Ní tharlóidh sé seo as féin, is fúinne atá sé é a dhéanamh. Is fúinne atá sé ár nglóir a úsáid i gcoinne na fuatha agus na deighlte, ár gcumhacht mar thomhaltóirí a úsáid, agus níos tábhachtaí fós ár vótaí a úsáid. 

Má leanaimid ar aghaidh ag vótáil do na páirtithe céanna gheobhaimid an rud céanna – éagothroime agus sochaí atá á stiúr ag an rachmas corporáideach.

Tá 12 bliain againn athruithe radacacha a dhéanamh sa tsochaí nó beidh sé ródhéanach. Goillfidh athrú aeráide ar na daoine is leochailí ar fud na cruinne. Mar sin, ní cearta sóisialta go cearta timpeallachta. 

Níl an tAontas Eorpach gan locht, ach is é an deis is fearr atá againn athruithe shuntasacha a chur chun cinn in am. Tá an domhan ag athrú go tapaidh faoi stiúr na nglórtha is airde. Is fúinne atá sé labhairt, gníomhú agus vótáil go cróga ar son ár dtodhchaí agus todhchaí ár bpáistí.

SCÉALTA EILE