Saor ó astúcháin dhochracha, is fada muid ag trácht ar mhodh iompair inbhuanaithe na rothaíochta agus ar na buntáistí móra timpeallachta a bhaineann leis.
Má thagann bláth ar an dearadh úr rothair seo, a ligeann duit an t-aer a ghlanadh agus tú ag troitheánú, is cinnte go mbeidh tuilleadh cainte faoi!
Coincheap de chuid an ealaíontóra Ollannaigh Dan Roosegaarde atá ann, an fear céanna a thug an ‘Túr Saor ó Thoitcheo’ (thíos) go Béising.
Éacht a bhí sa túr úd a ghlanann an t-aer mórthimpeall air agus a rinne ceantar atá 75% níos glaine ná áiteanna eile sa chathair den áit inar tógadh é.
Agus toradh maith ar a chuid oibre, is mian le Roosegaarde díriú anois ar bhealach eile chun an togra a leathnú amach ar fud na Síne.
Ar ndóigh i dtír dhúchais an ealaíontóra chumasaigh seo, an Ísiltír, bíonn an rothar in úsáid ag níos mó ná an tríú cuid den daonra mar phríomhmhodh taistil.
Ag filleadh dó ó cheardlann i mBéising, a dhírigh ar fhadhb an toitcheo, tháinig sé ar an dearadh rothair seo a shlogann isteach aer salach agus tú ag rothaíocht.
Ceangailte de na hanlaí, tá uirlis ann a fheidhmíonn díreach mar a bheadh folúsghlantóir ann.
Agus na troitheáin ag gluaiseacht, tarraingítear an t-aer truaillithe isteach fríd na scagairí ianúcháin dheimhneacha agus baintear ábhar cáithníneach uaidh.
Is é an aidhm ná go mbeidh an teicneolaíocht nua seo á tarraingt isteach i scéimeanna rothair roinnte ar fud na Síne, le go mbeadh na mílte rothaí – nó na milliúin fiú – ag troitheánú ar son na timpeallachta gach lá.
Beidh na rothair seo á bhforbairt mar chuid de mhórthionscadal ‘Saor ó Thoitcheo’ Roosegaarde sa tSín.
Smaoineamh den scoth dar linn!