Tí an leanbh, ní an leanbh…ach cluineann moncaí agus labhraíonn moncaí

Mhaígh foireann taighde ina bhfuil speisialtóirí urlabhra agus síceolaithe as an tSualainn, an Ríocht Aontaithe, agus an Eilvéis go bhfuil simpeansaithe in ann teanga labhartha a úsáid i gcásanna faoi leith. 

I ndiaidh don fhoireann staidéar a dhéanamh ar sheanfhíseáin de thrí shimpeansaí a raibh sé de chumas acu “focail daonna” a úsáid, mhol na heolaithe go raibh simpeansaithe, chomh maith le hainmhithe eile, ábalta teanga labhartha a fhoghlaim.

Le blianta anuas, níor thuig eolaithe an fáth a raibh daoine daonna ar na haon phríomhach a d’fhorbair teanga labhartha. Baineann ápaí móra feidhm as fuaimeanna guthacha chun cumarsáid a dhéanamh, ach is beag fianaise a léiríonn go bhfuil teanga labhartha acu.

D’easaontaigh taighdeoirí ar cad is cúis leis seo; mheas roinnt acu gur difear i bhfiseolaíocht na scornaí a bhí ann, agus chreid an chuid eile gur éagsúlacht inchinne an fáth.

Tá sé maíte ag taighdeoirí eile go bhfuil cuid ápaí móra, amhail simpeansaithe, ábalta focail daonna a rá ar leibhéal bunúsach.

Pictiúr: Speictreagram a léiríonn mír chainte ó Johnny (an barr), Renata (an lár), agus “mama” ráite ag duine de na húdair (an bun).

Thug na taighdeoirí sampla tábhachtach de lánúin a thóg simpeansaí ina mbaile ar feadh na mblianta. Rinne siad iarracht focail shimplí a theagasc don ainmhí, “mama” agus “cup”, mar shampla. Tarraingíodh míchlú ar an turgnamh as siocair gur baineadh an simpeansaí óna mháthair bhreithe, rud a bhí mí-eiticiúil.

Sa triail úr seo, ní raibh a fhios ag an fhoireann taighde an ndearnadh neamhshuim de na torthaí seo in áit iarracht a dhéanamh na torthaí céanna a fháil sa dara triail. Chuaigh siad sa tóir ar fhianaise ar thángthas uirthi i dturgnaimh eile. Tháinig siad ar thrí fhíseán a léirigh fianaise gur féidir le simpeansaithe focail daonna a rá ar leibhéal bunúsach.

I bhfíseán amháin ó thurgnamh na lánúine thuasluaite, dúirt an simpeansaí an focal “papa” trí huaire agus an focal “cup” uair amháin. I bhfíseán eile, dúirt simpeansaí darb ainm Johnny an focal “mama”. Dúirt simpeansaí eile darb ainm Renata an focal céanna i bhfíseán a taifeadadh san Iodáil.

Thug na taighdeoirí faoi deara go raibh foghraíocht na simpeansaithe difriúil ó dhuine daonna a bheith ag labhairt, ach cuireann siad síos ar na hiarrachtaí mar “foclach go bunúsach”. Maíonn siad go léiríonn na torthaí seo go bhfuil ápaí móra in ann focail daonna a rá i gcásanna áirithe.

Tabhair do d’aire sa todhchaí agus labhairt na simpeansaithe ag dul chun cinn. Tosaíonn sé ina chúpla focal agus ansin tá nathanna cainte agus beannachtaí á rá acu. Cuirfidh siad fáinní ar a n-ucht agus faoi dheireadh, i ngan fhios dúinn, beidh feiseanna á reáchtáil acu nach labhraítear ach teanga na nÁpaí Móra iontu agus tuin mharfach Andy Serkis le cluinstin ar fud na háite. Déan tú féin a ullmhú sula dtarlaíonn sé sin ar fad, léigh an taighde iomlán anseo.

SCÉALTA EILE