Tuilleadh stoirmeacha ar an tslí, & ainmneacha Gaelacha orthu


Thug Ophelia cuairt ar Éirinn agus d’imigh sí arís, damáiste agus díobháil fágtha ina diaidh.

Ní hí an t-aon stoirm a bhuailfidh an tír an geimhreadh seo áfach, agus beidh ainmneacha Gaelacha ar chuid de na hanfaí a thiocfaidh chomh fada linn sna míonna amach romhainn.

In 2015 thosaigh Met Éireann agus Oifig Meitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe ag baisteadh na stoirmeacha áitiúla a bhuaileann na hoileáin seo agus le déanaí d’fhoilsigh siad liosta den 21 ainm atá roghnaithe acu do shéasúr stoirmeacha 2017-2018.

Bhí stoirm Aileen ann cheana féin i mí Mheán Fómhair agus i measc na gceann eile atá le teacht tá Brian (a bheas linn ag an deireadh seachtaine), Fionn, Iona, Maeve agus Niall.

Athraíonn na teidil ó ainm ban go hainm fear, ceann i ndiaidh an chinn eile, agus roghnaíodh iad ó 10,000 moladh a tháinig isteach ón phobal cúpla bliain ó shin.

Deir Met Éireann gur chinn siad ar ainmneacha a thabhairt ar stoirmeacha anseo mar go gcuidíonn sé le feasacht a ardú maidir le tionchar dhoineann an gheimhridh.

Agus cé go bhfuil 21 ainm réidh acu, is dócha nach n-úsáidfear iad ar fad – ní raibh ach cúig stoirm ann i séasúr na bliana seo caite a raibh ainm de dhíth orthu.

Níl Ophelia san áireamh sa liosta seo mar gur hairicín é a thosaigh amuigh san Atlantach agus ar ainmnigh Ionad Náisiúnta Hairicíní na Stát Aontaithe é dá bharr.

Seo thíos liosta iomlán na n-ainmneacha don séasúr amach romhainn (ní bhíonn ainmneacha a thosaíonn le Q, U, X, Y ná Z san áireamh de réir an ghnáis idirnáisiúnta).

Feictear dúinn go bhféadfadh Stoirm Hector bheith craiceáilte go leor!

– Aileen
– Brian
– Caroline
– Dylan
– Eleanor
– Fionn
– Georgina
– Hector
– Iona
– James
– Karen
– Larry
– Maeve
– Niall
– Octavia
– Paul
– Rebecca
– Simon
– Tali
– Victor
– Winifred

SCÉALTA EILE