Uair na Cruinne

An bhfuil an timpeallacht, agus todhchaí an Domhain álainn seo, tábhachtach duit?

Is cinnte go bhfuil!

Is féidir páirt a ghlacadh mar sin i dtionscnamh domhanda a bheas ar siúl anocht ar fud an phláinéid chun feasacht a ardú faoi athrú aeráide agus faoin tionchar atá á imirt againne, an cine daonna, ar shláinte an Domhain.

Thosaigh ‘Uair na Cruinne’, nó ‘Earth Hour’, san Astráil in 2007 agus is é atá i gceist ná go múchann daoine aon solas nó gléas leictreach neamhriachtanach ar feadh uair an chloig.

I mbliana is ag 8.30in am áitiúil inniu a thosóidh an uair agus beidh daoine ag glacadh páirte i mbreis agus 170 tír.

Cheana féin múchadh na soilse ar shainchomharthaí móra ar nós Áras Ceoldrámaíochta Sydney agus beidh leithéidí Túr Eiffel Pháras agus Áras an Uachtaráin s’againn féin ag déanamh amhlaidh anocht chomh maith.

Tuigeann cách go bhfuil bearta móra suntasacha ag teastáil chun an timpeallacht a chur ar bhealach a leasa ach cuireann Earth Hour in iúl don ghnáthdhuine go bhfuil todhchaí na cruinne inár lámha féin agus is féidir linn gníomhú ar an cheist fhíorthábhachtach seo.

Moltar do dhaoine am a ghlacadh amach le linn na huaire chun an beart a cheiliúradh trí ócáid a eagrú ina dtithe féin nó sa chomharsanacht nó díreach trí smaoineamh ar an chomhshaol agus ar an tslí a bhfuil muid ag dul i bhfeidhm air.

Úsáid do chumhacht féin anocht mar sin agus bí páirteach sa tionscnamh spreagúil domhanda seo ar son do bhaile féin, an Domhan gorm aoibhinn seo.


Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar Uair na Cruinne, agus imeachtaí an lae a leanúint, ar earthhour.org

uair-cruinne

SCÉALTA EILE