Tá cumhacht núicléach ar ais sna ceannlínte le déanaí tar éis gur tháinig sé chun solais go bhfuil ceisteanna móra sábháilteachta faoi Sellafield, stáisiún núicléach i gCumbria Shasana nach bhfuil ach 125km ó chósta na hÉireann.
Ar a bharr sin chruthaigh rialtas na Breataine tuilleadh conspóide ar an ábhar nuair a d’fhógair siad seachtain go leith ó shin go bhfuil sé i gceist acu ionad ollmhór núicléach a thógáil i Somerset, a bheas ar an chéad cheann sa Bhreatain le 20 bliain agus gan é ach 245km ó Loch Garman.
Is léir dúinn ar fad go bhfuil foinsí fuinnimh nach mbraitheann ar charbón de dhíth orainn ach, i bhfianaise thubaiste Fukushima sa tSeapáin agus an iliomad contúirtí a d’fhéadfadh eascairt ó ábhar núicléach, bheadh an cine daonna i bhfad níb fhearr as dá ndíreodh muid ar theicneolaíochtaí nach ndéanann damáiste ar bith don aon phláinéad amháin seo atá againn.
Tá go leor taighde ann a thugann le fios gur féidir le fuinneamh in-athnuaite an domhan ar fad a chumhachtú inniu ach an toil pholaitiúil bheith ann chuige.
Tá muid anseo ag NÓS iomlán ar son tuilleadh fobartha agus infhéistíochta a dhéanamh i bhfuinneamh glas agus i gcoinne polasaithe a spreagann úsáid cumhachta núicléiche, atá contúirteach, seanaimseartha agus costasach.
Bhí pobal na Gaeilge i gcónaí gníomhach san fheachtas frith-núicléach agus sna 70í dearadh cúpla leagan Gaeilge de lógó clúiteach na gluaiseachta, ‘An Ghrian Ghealgháireach’.
Ar shuíomh oifigiúil an lógó áfach tá botún litrithe sa leagan Gaeilge atá ar díol ann agus tá an focal ‘adamhach’ (atomic) in úsáid in ionad an fhocail níos coitianta, ‘núicléach’ nó fiú ‘eithneach’.
Dá mbeadh na Gaeil chun frása cothrom le dáta le bheith againn mar sin, cén ceann a roghófá féin?
Cuir do bharúil in iúl anseo thíos agus socróidh muid é le muintir an fheachtais oifigiúil!