Nuair a chluineann muid faoi athrú aeráide is é an dochar a dhéantar don timpeallacht is túisce a ritheann linn.
Leá oighearchaidhpeanna na bPol, ardú ar leibhéal na mara, méadú ar líon na stoirmeacha trópaiceacha, triomach i gceantair áirithe den domhan agus tuilleadh báistí i gceantair eile.
Gach áit a dtéann téamh domhanda i bhfeidhm ar an chomhshaol nádúrtha, áfach, téann sé i bhfeidhm chomh maith ar na daoine a chónaíonn sa chomhshaol céanna.
Cuireadh fianaise láidir bhrónach air sin os ár gcomhair Dé Máirt seo caite nuair a vótáil pobal sráidbhaile ar chósta thiar Alasca ar son rúin go n-aistreofaí an lonnaíocht iomlán go dtí an mhórthír.
Is baile Ionúiteach é Shishmaref a bhfuil timpeall 650 duine ina gcónaí ann agus atá lonnaithe ar oileán beag atá buailte go holc ag creimeadh cósta le 15 bliain anuas.
“Sa tréimhse sin bhí orainn 13 teach a bhogadh ó thaobh amháin den oileán go dtí an taobh eile mar gheall ar an chailleadh talún seo,” a scríobh Esau Sinnok, ambasadóir óige Shishmaref, i mí na Nollag.
“Sa 20 bliain amach romhainn creimfear an t-oileán ar fad.”
Ní a gcuid tithe amháin atá i mbaol áfach ach modh maireachtála bundúchasach atá á chleachtadh sa chuid sin d’Alasca ar feadh na gcéadta bliain.
Mar gheall ar easpa oighir sa gheimhreadh tá athrú ó bhun tagtha cheana féin ar thraidisiúin iascaireachta agus sealgaireachta an phobail áitiúil, agus tá gnéithe eile den chultúr dúchais ag imeacht leo chomh maith.
Is í Iñupiaq an teanga oidhreachta atá ag muintir Shishmaref ach ní labhraíonn ach thart ar 3,000 duine anois í, an móramh acu sin níos sine ná 40 bliain d’aois.
Meastar go bhfuil 31 sráidbhaile eile faoi bhagairt in Alasca amháin agus má aistreofar a bpobail siúd fosta beidh todhchaí Iñupiaq, agus teangacha eile Ionúiteacha, idir dhá cheann na meá, muna bhfuil cheana féin.
Ar ndóigh tá an feiniméan seo á thabhairt faoi deara i gcearnaí eile den domhan chomh maith.
Tá Oileáin Sholomón san Aigéan Ciúin ar líne thosaigh an athraithe aeráide.
Le 20 bliain anuas tá leibhéal na mara ann ag ardú trí oiread níos tapúla ná an meánráta domhanda agus tá talamh suntasach caillte anois ar shé cinn de na hoileáin, Nuatambu ina measc.
De réir taighde de chuid na hirise Environmental Research Letters go bhfuil 11 teach caillte ar Nuatambu le cúig bliana anuas agus go bhfuil na teaghlaigh seo anois ina gcónaí ar oileán eile.
7,000 cainteoir atá ag an teanga dhúchais is mó sa dúiche, Babatana, líon leochaileach go leor i bhfianaise na n-athruithe atá ag tarlú don timpeallacht áitiúil.
Bhí muintir Tegua, oileán beag de chuid náisiúin eile san Aigéan Ciúin, Vanuatú, ar na chéad teifigh aeráide sa ré nua-aoiseach nuair a bhí ar bhaile iomlán aistriú ón chósta isteach go lár an oileáin sa bhliain 2005.
Níl ach timpeall 50 duine fágtha ar an oileán anois agus is iad na sealbhóirí deiridh ar chultúr dúchasach Meilinéiseach ar leith.
Ar Vanuatú ar fad tá breis agus 110 teanga á labhairt i measc daonra de 245,000 duine – an dlús teangacha is airde ag aon náisiún ar domhan – agus tá an mhórchuid acu á labhairt ag mionphobail ar oileán bheaga atá faoi bhagairt an athraithe aeráide.
Tá an baol ann go mbeidh sciar suntasach de na teangacha Aigéanacha seo caillte sa chéad bliain amach romhainn, bailte cósta a gcuid cainteoirí, a dtraidisiúin, a scéalta agus a ndearcadh saoil báite faoin fharraige.
Áit eile a bhfuil an cheist seo go mór i mbéal an phobail, agus i mbeal a gceannairí, ná Poblacht Oileáin Mhaildíve.
Is iad na Maildíví an tír is ísle ar domhan, í tógtha ar choiréal san Aigéan Indiach, agus in 2012 dúirt Uachtarán na Poblachta, Mohamed Nasheed, go mbeadh a thír “faoi uisce taobh istigh de sheacht mbliana dá leanfadh astuithe carbóin ag ardú ag an ráta ag a bhfuil siad inniu”.
Cé gur gheall 195 rialtas ag Comhdháil Athrú Aeráide na Náisiún Aontaithe i bPáras anuraidh go ndéanfadh siad a seacht ndícheall astuithe carbóin a laghdú agus téamh domhanda a choinneáil faoi dhá chéim celsius, ní léir an bhfuil go leor á dhéanamh chun pobail leochaileacha chósta a shábháil ar na hathuithe.
Is liosta le háireamh iad na tíortha san Aigéan Ciúin (Nárú, Tuvalu, Cireabaití agus Oileáin Marshall ina measc) a bheas faoi uisce, is dócha, roimh dheireadh an chéid agus beidh codanna d’oileáin ílse an Aigéain Atlantaigh, na Bahámaí cuir i gcás, imithe fiú chomh maith.
Ní hamháin ar ndóigh go bhfuil na tailte féin i mbaol ach tá na daoine, a n-oidhreacht, a stair agus a dteangacha i mbaol leis.
Tá cuid acu ag troid lena modh saoil a shábháil, ar an drochuair tá sé rómhall ag cuid eile.
Ar bhealach, cuireann sé an dúshlán atá romhainn mar phobal na Gaeilge i gcomhthéacs lom.
Rud amháin atá ann bheith ag troid ar son do chultúir, ach is rud eile ar fad é bheith ag troid ag an am céanna ar son na timpeallachta ina bhfuil tú i do chónaí.
Nó an é?