Dildos seachas gunnaí

Tá feachtas Twitter faoi lán seoil ag fear Oregon an tseachtain seo faoin haischlib #GOPDildo a chuireann bod bréige, in áit gunna, i lámha polaiteoirí Poblachtánacha SAM.

Cuireadh an chéad ghrianghraf in airde Dé Sathairn seo caite, 5 Nollaig, agus tá ráite ag eagarthóir an chomhlachta teic Slack, Matt Haughey, atá taobh thiar den fheachtas, go leanfaidh sé leis ag cur pictiúr in airde go dtí mí na Samhna 2016, tráth a mbeidh toghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe ar siúl.

Is acrainm é an haischlib #GOPDildo a sheasann don ‘Grand Old Party’, ainm eile don pháirtí Poblachtánach.

Cheana féin i mbliana maraíodh 12,466 duine i SAM le gunnaí agus tharla 312 ollphléascadh gunna go dtí seo, inár maraíodh agus gortaíodh níos mó ná duine amháin.

Ba í an tragóid in San Bernardino, California, ag tús na míosa seo – inar maraíodh 14 agus gortaíodh 21 duine – an eachtra is déanaí chun an díospóireacht chonspóideach faoi rialú gunnaí a ardú sna meáin.

Tá Matt agus a chairde anois ag cur leis an chomhrá ar líne trí phictiúir d’iarrthóirí uachtaránachta ón Pháirtí Poblachtánach a chur in airde agus creathadóirí ina nglac acu.

Tá súil ag Matt go mbainfidh na híomhánna athraithe seo “an chumhacht de na bun-ghrianghrafanna” agus go gcuirfidh siad cuma áiféiseach ar pholaiteoirí atá faoi gheasa ag gunnaí marfacha.

Cuireann na míreanna beaga scríofa a spreagann gáire go mór leis na pictiúir, mar atá thíos!

Beidh muid ag súil le boid bhréige agus creathadóirí de gach sórt a fheiceáil i lámha fhir na ngunnaí sa bhliain amach romhainn!

Leanaigí Matt Haughey ar Twitter.

SCÉALTA EILE