Dóchas a athghabháil ón dorchadas

An tseachtain seo caite, tosach an tsamhraidh in Éirinn, bhuail stoirm mhór príomhchathair na Nua-Shéalainne, áit a bhfuilim fé láthair, agus bhí orm mo thigh a fhágaint don lá toisc an fhuachta nuair a d’imigh an aibhléis. Bhíos ag cuimhneamh ar fhilleadh abhaile, ag labhairt le mo chairde agus ag tabhairt amach fén drochaimsir. Chun scéal gairid a dhéanamh de scéal fada, bhíos uaigneach don mbaile. Ní fé sin atáim ag scríobh, áfach.

An rud a rith liom ná, ná deas an fhadhb í a bheith uaigneach d’Éirinn, tír a mbeidh fáilte romham i gcónaí inti, a bhfuil a sáith fadhbanna costais mhaireachtála aici cinnte, ach ina bhfuil, agus ina mbeidh i gcónaí, áit le fanacht agam le mo mhuintir nó mo chairde. Ná pribhléid é a bheith suite i gcaifé sa Nua-Shéalainn ag ól latté agus ag cnáimhseáil fén aimsir? 

Agus mé suite sa chaifé cluthar ar feadh cúpla uair an chloig a fhad is a bhí an chomhairle chathrach ag deisiú an leictreachais, meastar go bhfuil breis is 122 milliún daoine easáitithe ar domhan, de réir fhigiúirí na Náisiún Aontaithe in 2024. Ina measc, tá 4.4 milliún daoine gan stát. Is é sin le rá go séantar a gceart chun náisiúntachta agus ná fuil rochtain acu ar chearta daonna bunúsacha. An féidir linn a shamhlú a bheith díbeartha ónar dtithe, ónár dtír, agus ár stádas mar Éireannaigh bainte uainn? 

An rud ná tuigim fós ná conas atá an saol ag leanúint ar aghaidh mar is gnáth agus cinedhíothú ar siúl, daoine á marú ar fud an domhain, leanaí á marú? Ní ag caint ar dhaoine eile atáim, ach seo rud a fhiafraím díom féin go minic. Cad is féidir liom a dhéanamh fén marú agus cogaíocht atá ar siúl ar fud an domhain? Cé leis ar féidir liom labhairt is ar féidir liom a rá “Cuir stop leis seo le bhur dtoil”? 

Chomh maith le dul i mbun agóide, seasamh go fisiciúil le grúpa daoine le comhartha i do lámh a chuireann in iúl go dteastaíonn uait, mar shaoránach de chuid na hÉireann, go gcuirfear deireadh leis an gcogaíocht sa Phalaistín, san Úcráin, sa tSúdáin, sa Phacastáin, agus in áiteanna nach iad. Cuirtear béim ar leith ar an mbaghcatáil, is é sin gan tacú le comhlachtaí a thacaíonn le hIosrael mar shampla. Is féidir, leis, do ghuth a chur leis na guthanna eile ar líne agus a éileamh go gcuirfear deireadh leis an gcinedhíothú agus an slad ar fud an domhain. Saghas agóid fhíorúil, agus is maith é sin, gan amhras, ach cé atá ag éisteacht?

Is féidir leis a bheith millteanach, an bhraistint seo gur féidir linn a bheith ag béiceadh amach go gcaillfimid ár nguth agus fós ní dheineann sé aon difear nó má dheineann, níl an difríocht le feiscint againn. Níl freagra agam, san alt seo, ar cad is féidir linn a dhéanamh, nó cad ba chóir a dhéanamh, ach tá a fhios agam go bhfuil sé tábhachtach leanúint ar aghaidh ag caint fé, é a choimeád sa dioscúrsa poiblí, an bhratach a choimeád crochta, ár dtacaíocht a thaispeáint, agus má bhíonn deis againn, beart a dhéanamh de réir ár mbriathra agus gníomhú.

Nuair a shuíos síos chun an t-alt seo a scríobh, ní rabhas cinnte cad é go díreach a bhí le rá agam — aird a thabhairt ar an gcogaíocht? Ní dóigh liom gur cur i gcuimhne d’aon duine é m’alt, ach ní féidir éalú ón nuacht. Ag tógaint na bhfocal a dúirt Dónall Mac Ruairí inné ar a chlár ceoil ar Raidió na Gaeltachta, briseann sé do chroí, agus ní féidir ach spotsolas a thabhairt air agus brú a chur ar pholaiteoirí agus sinn ag súil go mbeimid, i gceann fiche bliain nuair a chuirfidh ár leanaí ceisteanna orainn fé cén seasamh a thógamar nuair a bhí leanaí á marú in Gaza, in ann a rá go rabhamar ar an dtaobh ceart. 

SCÉALTA EILE