Dúch Fómhair do Dháithí

Agus Dúch Fómhair, nó ‘Inktober’, faoi lánseol arís i mbliana, tá ealaíontóir Éireannach tar éis deis a thapú feachtas tiomsaithe airgid a dhéanamh dá iarrachtaí agus súil aige aird a tharraingt ar chás Dháithí Mhic Ghabhann a dteastaíonn croí nua uaidh.

Cara le Máirtín Mac Gabhann agus Seph Ní Mhealláin, tuismitheoirí Dháithí, é Tuathán Mac Eachaidh agus tá an dúshlán curtha roimhe féin aige pictiúr dúigh a tharraingt gach uile lá as seo go deireadh na míosa agus súil aige roinnt airgid a thiomsú.

Dúshlán idirlín atá i gceist le Inktober ina ndéanann ealaíontóirí iarracht pictiúr dúiche a chrochadh ar na meáin shóisialta gach uile lá ar feadh na míosa Deireadh Fómhair. Tá na leideanna oifigiúla a d’eisigh Inktober ag tús na míosa seo caite curtha i nGaeilge ag Tuathán agus roinnte aige ar na meáin shóisialta.

Inné, ar ndóigh, a chuir Tuathán tús leis an dúshlán agus tá an chéad dhá phictiúr, ‘Nimhiúil’ agus ‘Suaimhneach’, le feiceáil ar leathanaigh Instagram agus Facebook an fheachtais.

Fuair tuismitheoirí Dháithí an drochscéala mí Eanáir na bliana seo go bhfuil trasphlandú croí ag teastáil óna mac, a bheidh dhá bhliain d’aois an mhí seo. Tá siondróm hipeapláiseach croí ar Dháithí, galar a chuir bac ar fhorbairt a chroí.

Rinne dochtúirí in Éirinn agus i Sasana a ndícheall croí Dháithí a leigheas ach níl an dara rogha fágtha anois acu ach croí nua a aimsiú dó. Tá Dáithí agus a thuismitheoirí ag fanacht ó tháinig an scéala ar chroí agus coinne in ospidéal i Newcastle i Sasana.

Labhair Meon Eile le Seph agus Máirtín níos túisce i mbliana faoi chás a mic.

Is féidir airgead a dheonú do leathanach carthanachta Thuatháin anseo agus a chuid ealaíne a fheiceáil anseo.

SCÉALTA EILE