€2,220 bailithe ag comhfhreagraí rugbaí NÓS ar son Limerick Suicide Watch

Bhailigh Jeff Neville, a bhíonn ag scríobh go rialta faoi chúrsaí rugbaí do NÓS, €2,220 ar son Limerick Suicide Watch agus maratón aonair á rith aige an mhí seo. Rith Jeff an 42km timpeall a eastáit tithíochta i lár na míosa, agus rinne sé os cionn tríocha ciorcal sular chríochnaigh sé. 

Mí na Samhna seo caite a chláraigh Jeff, ar as Luimneach ó dhúchas dó ach atá ina chónaí i gcontae na Mí anois, le Maratón Luimnigh agus bhí súil aige páirt a ghlacadh sa rá i mí na Bealtaine. 

Cuireadh an maratón siar go dtí an fómhar mar gheall ar scaipeadh an víris chorónaigh in Éirinn, agus tháinig an droch-scéala ina dhiaidh sin nach mbeadh an maratón oifigiúil ar siúl ar chor ar bith, mar gheall ar an imní a bhí ar lucht a eagraithe faoin víreas.

Chinn Jeff, áfach, leanacht ar aghaidh leis an traenáil agus iarracht a dhéanamh as féin an maratón a rith. Choinnigh sé air ag rith go rialta agus á ullmhú féin don éacht mór le linn na dianghlasála — fiú nuair nach raibh cead aige imeacht ach dhá chiliméadar óna theach cónaithe i dtuaisceart na Mí. Ba ansin a chuaigh sé i dtaithí ar a bheith ag rith timpeall an eastáit tithíochta arís agus arís eile le fad a chur sna seisiúin thraenála. 

Chonacthas dó go bhféadfadh sé an maratón uilig a chríochnú taobh istigh de bhallaí an eastáit a chuid suimeanna a dhéanamh i gceart agus d’aimsigh sé gur os cionn 30 babhta a theastódh uaidh leis an 42km a chur de.

Coicís ó shin a rinne sé an rith mór, ina aonar, gan tacaíocht ar bith ann ach amháin ag doras a thí mar a raibh a bhean agus a chairde ag fanacht air. D’éirigh leis an maratón iomlán a dhéanamh ar an gcaoi sin. 

Rachaidh an t-airgead a bhailigh sé ó thosaigh sé ag traenáil ag deireadh na bliana seo caite i dtreo Limerick Suicide Watch, carthanacht a chuireann oibrithe deonacha amach ar bhruach na Sionainne le cúnamh agus comhairle a thabhairt do dhaoine atá i mbaol a mbáis. Anuas ar an obair sin, téann na hoibrithe deonacha ar cuairt ar scoileanna, coláistí agus ionaid oibre sa chathair leis an meabhairshláinte a phlé agus comhrá a spreagadh faoin bhféinmharú in Éirinn. 

Tá taithí phearsanta ag Jeff leis an bhféinmharú, agus dúirt sé gur roghnaigh sé an carthanacht áirithe seo le cabhair a thabhairt do dhaoine atá ag fulaingt. 

“Nuair a bhí mé ar scoil, bhí mé ag féachaint amach an fhuinneog lá agus chonaic mé na seirbhísí éigeandála ag tarraingt duine amach as an abhainn. Is fadhb mhór í i Luimneach — ar fud na tíre, ach go háirithe i Luimneach — agus tá aithne againn go léir ar dhuine a chuir lámh ina bhás féin. 

“Chuir cara le m’athair lámh in a bhás féin, agus tá cúpla cara agam ar chuir a ndeartháireacha lámh ina mbás féin freisin. Tarlaíonn sé go minic agus téann sé i bhfeidhm ar an bpobal go léir. Ba mhaith liom cabhrú leis na daoine sin, daoine atá ag smaoineamh faoin bhféinmharú agus daoine atá ag fulaingt ina dhiaidh,” a dúirt sé. 

SCÉALTA EILE