€3,250 bronnta ar Chumann Ailse na hÉireann

Bhronn eagarthóir NÓS, Maitiú Ó Coimín, seic €3,250 ar Chumann Ailse na hÉireann ag ceannáras an chumainn i mBaile Átha Cliath inniu, i ndiaidh dó an t-airgead a bhailiú le linn a thurais mhóir rothaíochta trasna na hEorpa. 

Chuaigh Maitiú ó Bhaile Átha Cliath go Sliabh Oilimpeas na Gréige ar a rothar an mhí seo caite agus bhailigh sé os cionn €5,000 do Chumann Ailse na hÉireann agus do MS Éireann. Bhain sé barr Shliabh Oilimpeas amach i lár na míosa seo caite, i ndiaidh turas 3,700km a chur de, tríd an mBreatain agus trasna na hEorpa. 

Ag ócáid bhronnta i gceannáras Chumann Ailse na hÉireann ar maidin, dúirt Maitiú go raibh sé “an-sásta” go n-úsáidfear cuid den airgead a bhailigh sé le “cúnamh a thabhairt do dhaoine atá thíos leis an ailse” agus go gcabhróidh an t-airgead leis an taighde atá ar bun ag an gCumann teacht ar bhealaí an galar a leigheas agus a chosc. 

“Mo léan géar, tá sé ródheireanach anois do m’athair bocht, a bhásaigh deich mí ó shin, ach tá súil agam go gcabhróidh an t-airgead leis an gCumann cúnamh a thabhairt do dhaoine eile a bhfuil ailse orthu faoi láthair agus dá dteaghlach, agus go gcabhróidh an taighde a dhéanamh siad deireadh ar fad a chur leis an ngalar uafásach seo. 

“Ar ndóigh, ní mise atá ag tabhairt an airgid seo ach na daoine a thug tacaíocht dom, idir airgead, chúnamh agus eile, agus mé ag rothaíocht an mhí seo caite. Níl aithne agam ar fhormhór na ndaoine a thug tabhartas, tháinig airgead ó dhaoine ar chas mé leo ar an mbóthar, daoine a éisteann le hIris Aniar ar RnaG, agus daoine a léigh faoin turas ar nuachtáin agus irisí éagsúla. Tá mé fíorbhuíoch de na daoine a raibh sé d’acmhainn acu airgead a thabhairt, agus chomh buíoch céanna díobh siúd nár fhéad ach a thug cúnamh ar go leor bealaí eile — leapracha, bia, agus comhrá,” a dúirt sé. 

Goideadh roinnt airgid uaidh ag tús an turais agus é ag trasnú na teorann idir an Bhreatain Bheag agus Sasana. Ar an leathanach GoFundMe a shocraigh Maitiú i ndiaidh na heachtra sin, mhínigh sé go gcuirfeadh sé “chuile phingin” i dtreo Chumann Ailse na hÉireann agus MS Éireann i ndiaidh don airgead a goideadh sa mBreatain a chúiteamh. Sáraíodh an méid sin an chéad lá den fheachtas tiomsaithe airgid agus rachaidh na mílte Euro anois i dtreo na n-eagraíochtaí carthanachta. 

Ní gan dua a bhain Maitiú a sprioc amach. Anuas ar an ngoideadh airgid ar an dara lá den turas, bhuail tinneas é i Londain a d’fhág sa leaba é ar feadh lae, chuaigh sé amú i gcoill taobh amuigh de Bonn na Gearmáine ar feadh dhá uair a chloig, briseadh a fhón i Nürnberg agus b’iomaí poll a cuireadh i rothaí a rothair ar feadh an bhealaigh.

Bronnfaidh Maitiú an chuid eile den airgead ar MS Ireland níos deireanaí an mhí seo. 

SCÉALTA EILE