€50,000+ bailithe ag an snámhaí Paddy Conaghan agus Corca Dhuibhne bainte amach aige

“What relation are you to him?”, arsa mise le Elaine, an bhean atá ag eagrú an tsnámha seo do Phaddy Ann Conaghan. “No relation when he gets back home”, arsa í liom, ag magadh.

Bheartaigh Paddy dul ag snámh timpeall na hÉireann cúpla mí ó shin, chun aird a tharrac ar an gcúis ar a dtugtar ‘Gemma’s Legacy of Hope’. Tá mórán Éireann cuaisíní agus góilíní, cuanta agus tránna buailte leis ó shin. Is i gCorca Dhuibhne atá sé faoi láthair, agus gan an tarna rogha aige ach fanacht inár dteannta tamall, mar go bhfuil an veain atá aige ina coicstí agus é ag fanacht le ceann a theacht ina háit, ó Shéamus Ó Baoill fear an bháid farantóireachta in Árainn Mhór.

80 bliain d’aois atá Paddy, agus mórán dá óige caite aige ar na cnoic agus ag feirmeoireacht. Inné, agus sinn ag snámh sa tuile bháistí i mBaile na nGall, ní chuir sé aon nath sa bhfuacht ach léim sé ón gcé isteach san uisce is gan an buille croí féin ar iarraidh air. Tamall ina dhiaidh san, d’eagraigh Orla Coughlan agus Fiona Leahy ós na Baile Bathers greim bídh agus cith folctha deas te dó, agus bhí sé breá sásta leis féin.

Bhí sé i gCeann Trá an lá roimis sin, agus i Sláidín leis an ngrúpa Snámh for the Soul ar maidin inniu. Tá aire mhaith leis á tabhairt ag an snámhaí iomráiteach ón Daingean, Nuala Moore do Phaddy, agus í ag coimeád cuntais, ar a shon, ar imeachtaí leithinis Chorca Dhuibhne.

Tá an dá chluais bainte den bhean atá i bhfeighil, Elaine, ag daoine á síorghlaoch, a dúirt sí, ag iarraidh bualadh le Paddy, nó cabhrú leis i slí éigin. Réalta is ea anois é. Ní raibh sí mar aidhm aige ach €1,000 a bhailiú agus é ag cur de, ach féach anois go mbailíonn brob beart, agus an €50,000 slánaithe aige. Má theastaíonn ó éinne agaibh aistear an fhir seo a leanúint, tá sé ar Facebook, ‘Ducking and Driving for Gemma’s Legacy of Hope‘ agus tá a leathanach bailithe airgid ar fáil anseo. Go mbeimid ar fad chomh folláin leis ag aois na ceithre fichid.