Agus feisteas an tsamhraidh á cheannach agus á tharraingt amach as an vardrús in athuair, ardaíonn Eoin P. Ó Murchú ceist eiticiúil thábhachtach faoi éadaí saora nach mbíonn i bhfad ar do cholainn sula gcaitear sa bhruscar iad.
Tá feachtas margaíochta ar siúl ag H&M faoi láthair a thaispeánann mná áille á ngrianadh féin ar thránna buí, le farraige ghlinn ghorm sa chúlra.
Feicim bean acu nuair a rothaím isteach sa chathair faoi choinne pionta.
Feicim bean eile agus mé ag filleadh ó thraenáil san oíche.
Bíonn duine eile acu fós taobh liom agus mé ag scoitheadh an bhus cois farraige.
Ní hí an mainicín álainn is mó a ghoineann m’aire ach an praghas a luaitear ann – barr bicíní, €4.99.
Sa domhan ina mbíonn €4.99 ar phíosa éadaigh, tá trí fhíric ann nach féidir linn a shéanadh.
Uimhir a haon: tá duine i dtír éigin nach bhfuil chomh forbartha le hÉirinn ag sclábhaíocht leo i monarcha ar ár son. Uimhir a dó: titfidh na héadaí céanna as a chéile gan mhoill.
Agus maidir leis an tríú rud, níl modh ná slí ina bhfuil a leithéid d’úsáid acmhainní an domhain inmharthana, gan trácht ar a bheith eiticiúil ar aon bhealach.
Rith sé liom gur chóir dom tuilleadh fiosruithe a dhéanamh.
San alt ‘The True Cost of Cheap Clothing’ le Dan Trepanier – atá foilsithe ar an suíomh Articles of Style – tugtar léargas ar an méadú millteanach atá tagtha ar cheannach éadaí.
Díoltar suas le 80 billiún ball éadaigh gach bliain, méadú 400% ar an méid a díoladh deich mbliana ó shin.
Tá réimse leathan daoine thíos leis chomh maith.
Na feirmeoirí cadáis a bhfuil gcadás á ndíol acu ar an bpraghas is ísle riamh le mórdhíoltóirí éadaí saora ar nós H&M agus Zara.
Na hoibrithe éadaí sa Bhanglaidéis a chaitheann 12 uair sa lá ag fuáil i monarchana ina ndéantar 180,000 léine in aghaidh an lae agus óna gcaitear 20 milliún líotar de cheimiceáin isteach san uisce áitiúil san achar ama céanna.
Agus tá muid féin ann, na tomhaltóirí a fheiceann alt a fhógraíonn “Shirts that cost less than lunch“.
Ceannaímid agus caithfimid ceann de na léinte seo, ach nuair is gá é a chur san inneall níocháin, athraíonn cruth na léine agus ní bhíonn sí chomh compordach sin a thuilleadh.
Ní raibh sé i gceist riamh go gcaithfí níos mó ná uair nó trí í.
Tuigim anois cad a tharla do na bróga a fuair mé in Penneys ar €5.
Má cheapann tú gur féidir athchúrsáil a dhéanamh ar na héadaí seo, caithfear a thuiscint go mbíonn go leor fuinnimh de dhíth lena aghaidh sin.
Pé scéal é, téann an mhórchuid acu isteach i ndumpaí móra talún – atá lonnaithe i dtíortha bochta an domhain ar ndóigh…
Níor chóir go mbreathnófaí ar éadaí mar rudaí ar féidir iad a chaitheamh uair amháin agus ansin a chaitheamh uait.
Sea, fágann sé sin nach margadh iontach ar bith é ball éadaigh ar €5.
Tá costas mór ar a leithéid, fiú murar tú féin atá á íoc.
Mar sin, an chéad uair eile a ritheann sé leat go bhfuil T-léine uait, smaoinigh air.
An bhfuil sé i gceist go mairfidh sé?
An bhfuil do roghanna tomhaltóireachta ag imirt drochthionchair ar dhaoine eile sa domhan?
Murar féidir na ceisteanna sin a fhreagairt faoi dhea-choinsias, seans gur chóir athmhachnamh a dhéanamh.
Go maire muid agus go gcaithe muid ár gcuid éadaí – ach bídís inmharthana dúinne, dár gcomhdhaoine agus don domhan.