Tá taithí againn ar fad ar an seomra ranga traidisiúnta: an múinteoir ag barr an tseomra taobh leis an chlár agus na daltaí ina suí i sraitheanna deasc agus cathaoireacha os a gcomhair amach.
Ní fhéadfaí a rá gur ar leas na cruthaitheachta ná an chomhoibrithe é an leagan amach seo, agus dá bharr sin tá dearadh nua ar fad anois á chur i bhfeidhm sa tSualainn.
Is eagras oideachais é Vittra a reáchtálann timpeall 30 scoil ar fud na Sualainne.
I roinnt dá gcuid scoileanna tá na seomraí ranga oscailte acu, na ballaí bainte, na sraitheanna deasc ruaigthe agus spásanna daite oideachasúla curtha ina n-áit.
Tá taighde ann a léiríonn go gcuidíonn an leagan amach go mór le gluaiseacht agus le forbairt shóisialta na ndaoine óga, agus go mb’fhéidir go spreagfaí ranganna mar seo in áiteanna eile sna blianta amach romhainn.
Cé go bhfuil imní áirithe ann nach bhfuil seomraí ranga oscailte iomlán oiriúnach do gach páiste – seans go gcuirfeadh an torann breise isteach ar roinnt daltaí – is cinnte go gcabhraíonn siad le fiosracht an pháiste óig agus lena gcumas bheith ag foghlaim tríd an súgradh agus an taiscéalaíocht.
Ar mhaith libh a leithéid a fheiceáil anseo in Éirinn?