Tá tús curtha athuair ag cainteoirí Gàidhlig in Albain a dteanga a chur ar fáil ar an ardán foghlama teanga Duolingo, agus an feachtas faoi stiúir an Fheisire Parlaiminte Alasdair Allan an geábh seo. D’fhógair an polaiteoir, ó Pháirtí Náisiúnta na hAlban (SNP), ar Twitter ag deireadh na seachtaine seo caite go raibh rún aige scríobh chuig Duolingo féachaint an bhféadfaí an Ghàidhlig a chur ar fáil ar an aip.
Tá an dá mhórtheanga Cheilteacha eile ar fáil cheana féin ar an aip, an Bhreatnais agus an Ghaeilge, agus an Ghaeilge ar cheann de na teangacha is mó tóir ar an aip ar fud na cruinne. Níl an Choirnis, an Bhriotáinis, an Mhanainnis ná an Ghàidhlig ar fáil go fóill. Is í an Ghàidhlig an teanga is láidre acu sin ó thaobh líon na gcainteoirí agus úsáid na teanga mar theanga phobail.
Is as Crìochan na h-Alba, i ndeisceart na tíre, é Allan ach tá sé ina fheisire i dTaigh an Ròid do na h-Eileanan an Iar, ceantar Gaeltachta in Albain. Thagair sé don rath mór atá ar an gcúrsa Gaeilge a chuireann Duolingo ar fáil, go háirithe i Meiriceá, agus é ag éileamh go mbeadh teanga Ghaelach a thíre féin ar fáil ann.
Tha mi a’ sgrìobhadh gu Duolingo mu seo an diugh. pic.twitter.com/uXTS4m3D0O
— Alasdair Allan (@alasdairallan) 13 Aibreán 2018
Tá tacaíocht léirithe ag roinnt mhaith daoine agus eagraíochtaí in Albain d’fheachtas seo an Fheisire ach ní hé seo an chéad uair atá a leithéid d’fheachtas ar bun. Seoladh an cúrsa Gaeilge ar Duolingo ceithre bliana ó shin agus tá na milliúin duine cláraithe leis ó shin, agus é áirithe ar cheann de na cúrsaí is mó tóir ar an aip.
“Ag teacht sna sála ar an nGaeilge agus an rath atá uirthi ar Duolingo, go mór mór i Meiriceá, is léir na féidearthachtaí móra atá ann don Ghàidhlig ar an aip foghlama seo. Éascaíonn leithéidí Duolingo an fhoghlaim teanga agus múintear teangacha nua ar bhealach spraíúil – chuirfinn féin fáilte mhór roimh acmhainn mar seo nuair a bhí mise ag foghlaim na Gàidhlig,” a dúirt sé.
Mhaígh Allan go gcuirfeadh cúrsa Gàidhlig ar Duolingo le stádas na teanga agus go gcuirfeadh sé an teanga ar fáil do go leor leor daoine nua, go háirithe don diaspóra Albanach atá scaipthe ar fud na cruinne.
“Tá súil agam go gcuirfidh Duolingo an Ghàidhlig lena sheirbhís, agus go gcuirfear an teanga álainn, a chuireann lenár dtuiscint ar chultúr agus ar stair na hAlban, ar a súile do na milliúin úsáideoir,” a dúirt sé.
Tá amhras léirithe ag an scoláire Gàidhlig Emily McEwan, áfach, faoin bhfeachtas. Chuir an cainteoir Gàidhlig as Ceanada a hamhras in iúl ar Twitter ag an deireadh seachtaine. Mhaígh sí gur maith an smaoineamh é an Ghàidhlig a chur le Duolingo “i bprionsabal” ach go bhfuil lochtanna ar an bplean mar sin féin.
Dúirt sí nárbh fhiú achainí a chur ar Duolingo féin maidir leis an scéal toisc gur tríd an sluafhoinsiú a chruthaítear cúrsaí teanga ar an aip agus gur dócha ná a mhalairt nár léirigh dóthain cainteoirí Gàidhlig toil an cúrsa a chruthú go deonach go fóill.
“B’fhéidir gurbh é an chaoi nach bhfuil cainteoirí líofa Gàidhlig in ann a gcuid ama agus scileanna a chur ar fáil, b’fhéidir nár mhaith leo, b’fhéidir nár chuala siad faoi [Duolingo] nó nach bhfuil a fhios acu cén chaoi a dhéanamh. B’fhéidir go bhfuil cainteoirí Gàidhlig róghnóthach ag saothrú a mbeatha le bheith ag obair saor in aisce do Duolingo,” a dúirt sí.
Mhol sí go bhféadfadh Bòrd na Gàidhlig, macasamhail Fhoras na Gaeilge, nó eagraíocht eile Ghaeilge airgead a chur ar fáil do chainteoirí Gàidhlig a chruthódh an cúrsa, nó go bhféadfadh Duolingo féin an t-airgead sin a chur ar fáil do theangacha atá i mbaol. Dúirt sí freisin, áfach, go bhfágfadh plean mar sin go mbainfí airgead ó chláracha eile a chuireann an Ghàidhlig chun cinn in Albain agus nach smaoineamh maith é sin.
10/ Again, Duolingo Gaelic course would be fine. But factors common to minoritized, endangered lang communities undergoing lang shift & revitalization efforts are part of the reason it’s not happening for Gaelic. Those factors would prob’ly have to be addressed to make it happen.
— Dr. Emily McEwan (@DrEmilyMcEwan) 13 Aibreán 2018