Ní fada uainn Leabhra Feabhra a chairde!
Tar éis an ratha a bhí ar an tionscnamh le cúpla bliain anuas, tá an traidisiún nua iontach seo faoi lán seoil arís i mbliana chun daoine a spreagadh le leabhair Ghaeilge a thabhairt mar bhronntanas ar 1 Feabhra.
Chuige sin, tá Naoise Ó Cairealláin, gníomhaí óg teanga agus duine de chraoltóirí an chláir raidió ‘Brainless Gaeilgeoirí Skinheads’ ar Raidió Fáilte, ag iarraidh ar dhaoine féirín rúnda a bhronnadh ar dhuine, mar a dhéantar ag am Nollag.
“D’eascair an smaoineamh seo ón fhéile Leabhra Feabhra ar ndóigh agus tá muid díreach ag iarraidh tógáil air,” ar seisean.
“Tá muid ag tapú na deise, ní hamháin chun daoine a spreagadh le leabhair Ghaeilge a cheannach, ach chun daoine a thabhairt le chéile, chun ár gcaidreamh a neartú le braon tae agus brioscaí agus muid ag ceiliúradh dhraíocht na leabhar.”
Oibríonn ‘Féirín Rúnda Feabhra’ ar an bhunús go gceannaíonn gach duine atá páirtreach leabhar amháin agus go mbronntar leabhar amháin ar gach éinne.
Tá an féirín seo ‘rúnda’ mar nach fios cé hí nó hé a cheannaigh go dtí go mbronnfar é – seachas an duine a phiocann na hainmneacha amach as an hata agus a scaipeann an scéal ar na rannpháirtithe.
Smaoineomh iontach é seo, dar linn, a d’fhéadfá á reáchtáil áit ar bith a bhfuil daoine le Gaeilge cruinnithe le chéile.
Pobal Gaeilge na Beilge a tháinig aníos le choincheap samhlaíoch na féile an chéad lá agus tá líon suntasach daoine ar fud na hÉireann agus thar lear ag glacadh páirte sa nós nua ar an lá le cúpla bliain anuas.
Tiocfaidh Gaeil Bhéal Feirste le chéile i gCultúrlann Mac Adam ó Fiach, Béal Feirste, ar an 1 Feabhra ag 8in leis na leabhair a bhronnadh ar a chéile.
An bhfuil fonn ort ‘Féirín Rúnda Feabhra’ a reáchtáil i do cheantar féin?
Gabh i dteagmháil le Naoise Ó Cairealláin (naoiseiarla@gmail.com) má tá aon chomhairle uait nó más mian leat a bheith páirteach le ‘Féirín Rúnda Feabhra’ sa chathair Cois Lao.
Agus ar ndóigh muna bhfuil tú in ann leabhair a bhronnadh go rúnda, ná bí buartha mar is é an rud is tábhachtaí ná go mbronnfar iad ar 1 Feabhra.
Leabhra Feabhra abú!