Fianna fírinne agus déantóirí droichead iad Kneecap

Oíche Aoine i lár mhí Eanáir 2018. Bhí sráideanna Bhaile Átha Cliath fuar feanntach amuigh ach bhí slua Gael bailithe le chéile istigh sa Sugar Club, te teolaí agus lán d’anam.

Bhí Gradaim NÓS ar siúl don tríú bliain as a chéile agus daoine tagtha as gach cearn den tír le ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí ceoil na bliana a bhí díreach caite.

I measc na gceoltóirí nua a bhí ar an ghearrliosta bhí banna bocléimneach béalchliste as Béal Feirste nár chuala aon duine trácht orthu go dtí mí bheag amháin roimhe sin.

Bhí a n-amhrán spreacúil rapcheoil ‘Cearta’ i ndiaidh dul i bhfeidhm go mór ar éisteoirí ó eisíodh é i mí na Nollag agus bhí na radhairc á gcarnadh i rith an ama ag físeán snasta an traic ar YouTube.

Bhuaigh Móglaí Bap, Mo Chara agus DJ Próvaí – a raibh balacláva dubh air an uair sin seachas an ceann íocónach trídhathach a bhíonn á chaitheamh aige anois – dhá ghradam ar an oíche ach ba é a dtaispeántas ar ardán ag deireadh na hócáide a bhain stangadh leictreach as a raibh i láthair.

Ba í an chéad uair riamh a chonaic duine ar bith beo ar stáitse iad agus b’iontach an mhóimint í i scéal an nuacheoil Gaeilge.

Na buillí bríomhara greamaitheacha, na liricí meabhracha dána, an cur i láthair úr fuinniúil – gan fiú an chéad léiriú de shluashurfáil Mo Chara a lua – las an meascán draíochta sin an t-aer mar a bheadh splanc thintrí ann, agus cuireadh fearadh fiáin fáilte roimhe.

Bhí Kneecap ar an fhód, agus ní bheadh an ceol Gaeilge mar an gcéanna choíche arís.

Mo Chara ag sluashurfáil sa Sugar Club in 2018, an chéad uair a sheinn Kneecap beo ar ardán. Grianghraf le Cathal Mac an Bheatha

Dé Domhnaigh seo caite chonaic mé an tríréad tréanghlórach ar ardán athuair, agus den chéad uair mar is ceart ón oíche gheimhridh sin i mBaile Átha Cliath.

Murab ionann agus seacht mbliana go leith ó shin, bhí t-léinte agus éadaí samhraidh á gcaitheamh ag an tslua mhór thart orm i ndiaidh dóibh an lá a chaitheamh faoi ghrian bhuí na Meánmhara.

Is sa Sala Apolo i mBarcelona na Catalóine a bhí mé, áit a raibh Kneecap ina bpríomhtharraingt ar chlár Primavera a la Ciutat (Earrach sa Chathair) atá mar chuid den mhórfhéile mhórchlú Primavera Sound.

Bhí mé ag dúil go mór leis na leaids a fheiceáil sa chathair ina bhfuil cónaí orm anois le cúpla bliain – mhothaigh mé an fuadar ag borradh ionam agus an ghig ag teannadh linn – ach an t-eispéireas iomlán a cuireadh os ár gcomhair, sháraigh sé a raibh mé ag súil leis.

Na rianta líofa, na grafaicí iontacha, an léiriú craicneach – ba mhór an chóisir cluas agus seoid súl é ó thús deireadh.

Is máistrí ceirde iad Kneecap atá in ann atmaisféar racánach a chruthú ar iompú boise agus a bhfuil dlúthcheangal instinneach cothaithe acu lena lucht leanúna ar daoine iad a bhfuil grá acu dá gceol ach fosta ar mór acu na cúiseanna atá gar do chroí an bhanna – anchaoi na bPalaistíneach, Éire athaonaithe, an díchoilíniú, an athbheochan.

Is iomaí Éireannach a bhí i measc an tslua sa Bharsalóin – agus manaí Gaeilge á dtaispeáint go bródúil ar a gcuid éadaí ag go leor acu – ach bhí Catalónaigh ann fosta, agus Spáinnigh, agus Iodálaigh, agus Francaigh, agus Ísiltírigh, agus saoránaigh de chuid tíortha eile lena chois.

D’éirigh liom cúpla frása Catalóinise a thabhairt don triúr roimh an cheolchoirm agus ba mhór an taitneamh a bhain an dream áitiúil as a rosc catha clúiteach ‘Visca la terra!’ (An talamh abú) a chluinstin ó bhéal na nÉireannach ildánach dalba.

Tá cur amach nach beag ag gluaiseacht teanga agus neamhspleáchais na Catalóine ar rapálaithe na Sé Chontae – “Tá a Kneecap féin de dhíth ar gach pobal teanga” arsa gníomhaí Catalóinise liom ar na mallaibh – agus bhí bratacha na hÉireann agus na Catalóine araon ar foluain ón urlár, chomh maith le meirgí móra ar a raibh na focail ‘Protestar no és terrorisme’ agus ‘Agóid, ní sceimhlitheoireacht í’ ar crochadh ón bhalcóin.

Ba thagairt í sin ar ndóigh don chás atá póilíní Shasana á thógáil i gcoinne Mo Chara ar bhonn na líomhna go raibh brat de chuid Hezbollah á iompar aige ag gig i Londain anuraidh.

Cibé tuairim atá ag duine ar an pháirtí pholaitiúil agus gluaiseacht shóisialta agus mhíleata a bhfuil suíocháin acu i bparlaimint dhaonlathach na Liobáine, shílfeá go mbeadh tosaíochtaí níos práinní ag na péas seachas díriú ar bhanna ceoil nach bhfuil mar armlón acu ach liricí léirsteanacha agus freagraí fileata.

Go deimhin, deir Kneecap féin go bhfuil feachtas eagraithe ar bun ina n-aghaidh mar gheall ar an tseasamh neamhbhalbh atá acu i gcoinne ghníomhartha cinedhíothacha Iosrael in Gaza, agus chaithfeá aontú leo.

In ainneoin go bhfuil níos mó ná 55,000 duine maraithe ag Iosrael sa Phalaistín le 20 mí anuas, is mó an bhéim atá leagtha le déanaí ag cuid de na meáin agus ag tráchtairí áirithe ar ráitis Kneecap seachas ar na fíorchoireanna cogaidh atá á ndéanamh go fíochmhar follasach ag stát bradach Netanyahu, gan srian, gan phionós.

Kneecap ar ardán i Sala Apolo na Barsalóine le linn Primavera a la Ciutat. Grianghraf le Gisela Jané

Beidh Liam Óg sa chúirt i Londain amárach (Dé Céadaoin), áit a gcuirfear in iúl go muiníneach do na húdaráis go bhfuil Kneecap ar an taobh cheart den stair ar cheist na Palaistíne, agus is ábhar dóchais é go mbeidh cuid de na saineolaithe dlí is fearr dá bhfuil ann i láthair lena chosaint.

Go n-éirí leis agus go raibh an bua ag an réasún.

Ar ais sa Sala Apolo rinne an rapálaí tagairt dá chás cúirte – a acmhainn grinn ag ceilt cuid den tromchúis – ach lena chois sin labhair sé go macánta óna chroí amach faoi chruachás na bPalaistíneach, é ag cur i dtreis go raibh an t-ádh orainn a bheith ag baint sult as ócáid cheoil fad a bhí slad á dhéanamh ar shibhialtaigh achar nárbh fhada ar shiúl.

Ba mheabhrúchán mothúchánach é nach gcluintear chomh minic sin ar ardán féile ceoil.

Agus sin ceann de na fáthanna a bhfuil Naoise, Liam Óg agus JJ ag dul i bhfeidhm ar an dioscúrsa phoiblí an oiread sin agus ag ceangal le daoine i gcéin agus i gcóngar.

Ní hamháin go bhfuil droichid á dtógáil acu fríd mheallacacht a gcuid ceoil – is fianaise air sin an líon ceolchoirmeacha atá acu ar fud na hEorpa an samhradh seo amháin, gan trácht ar an éagsúlacht daoine a fhreastalaíonn orthu – ach chomh maith leis sin tá an fhírinne á hinsint os ard acu faoi cheann de na huafáis is mó atá feicthe againn lenár linn.

Agus mé i mo sheasamh ansin i lár an tslua ilchineálaigh a bhí cruinnithe le chéile chun éisteacht leis an triúr Gael, bhraith mé bród nár bheag go bhfuil ionadaithe idirnáisiúnta ag an phobal teanga s’againn atá ag úsáid a n-ardphróifíle le labhairt ar son na daonnachta agus an cheartais, tráth a bhfuil easpa mhillteanach gnímh agus treorach ónár gceannairí polaitiúla.

Agus an domhan ina bhfuil muid ag éirí níos corraí agus níos deighiltí lá i ndiaidh lae, tá géarghá le teachtaireacht na dlúthpháirtíochta a scaipeadh leo siúd atá ag streachtailt nó faoi ghéarleanúint – in Éirinn, sa Phalaistín agus ar fud na cruinne.

Tá gá fosta le bheith ag coinneáil orainn ag ceol agus ag canadh, in ainneoin an dorchadais agus mar ghléas le cur ina choinne, óir is sa teacht le chéile, sa chuideachta agus sa chruthaitheacht atá cuid de bhuanna móra an chine dhaonna le fáil, buanna a chuideoidh linn teacht amach as an tsáinn ina bhfuil muid agus a choinneoidh tine an dóchais ar lasadh idir an dá linn.

Tá sé léirithe ag Kneecap go bhfuil ról tábhachtach acu san obair feasachta idirphobail sin agus go dtugann siad faoi trína bheith ag cur go fíochmhar fónta lenár gcultúr comhaimseartha ag an am chéanna.

Is fórsa fuinnimh forásach atá dúisithe acu le tamall de bhlianta anuas, fórsa a cheistíonn an chumhacht choitianta agus nach gcuirfidh aon rialú cúirte ná conspóid chumtha stad leis anois.

Gura fada buan iad i mbun a mínealaíne.

SCÉALTA EILE