FÍSEÁN: ‘Inniu déanaimid na mná a cheiliúradh’


Le Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh, labhair mé le cúigear ban proifisiúnta le fáil amach an raibh orthu féin déileáil leis an ngnéasachas nó gnéaschiapadh sa láthair oibre nó sa ghnáthshaol. 

Bhí an-díomá orm, ach caithfidh mé a rá nach raibh iontas orm nuair a chuala mé cad é bhí le rá acu. San fhíseán seo cluinfidh tú roinnt ráiteas ó na mná seo — rudaí a dúradh leo uilig agus ar an drochuair rudaí a dúradh le céatadán ard dínn ag pointe éigin. 

Tá rudaí ag athrú anois, go háirithe i ndiaidh na scéalta a bhí go mór i mbéal an phobail le déanaí — Harvey Weinstein i Meiriceá, #MeToo agus triail éignithe Bhéal Feirste, agus tá níos mó daoine ag seasamh an fhóid le chéile le rá nach bhfuil muid sásta glacadh leis an ngnéaschiapadh nó gnéasachas a thuilleadh. Bíodh ionannas eadrainn mar dhaoine le go mbeidh sochaí níos gile ag na mná atá le teacht. 

Míle buíochas le Pauline Scanlon, Lynette Fay, Bríd Ní Ghallchóir, Miléne Fegan agus Dáire Ní Chanáin. Buíochas fosta leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge a thug an maoiniú chun an fhíseán seo a dhéanamh. 

Seans go ngoillfeadh cuid den fhriotal a chloistear sa bhfíseán seo ar an éisteoir. 

Naisc chun tuilleadh eolais a fháil:

Mná na hÉireann agus an tAontas Eorpach 

An gnéaschiapadh san ionad oibre

An gnéasachas san ionad oibre

Dearcadh na mban agus dearcadh na bhfear i leith an ghnéaschiapadh

Conas dul i ngleic leis an ngnéasachas san ionad oibre 

Éaduiscint na bhfear faoin ngnéaschiapadh

SCÉALTA EILE