Tiocfaidh pobal na Gaeilge agus an pobal LADT le chéile i mBéal Feirste amárach chun bainis aerach bhréagach a cheiliúradh.
Dhá cheist atá go mór sa nuacht ó thuaidh le tamall iad an tAcht Gaeilge agus comhionannas pósta agus déanfaidh an fronsa seo tuilleadh airde a mhealladh ina dtreo.
Tá an fhéile aerach Bród ar siúl i mBéal Feirste faoi láthair agus mar sin tháinig An Dream Dearg, Love Equality, Rainbow Project agus Féile an Phobail le chéile chun an bhainis spraíúil a eagrú.
Is iad Conall Mac Corraidh agus Criostóir Mac Pháidín atá le pósadh i gcaife na Cultúrlainne agus beidh Dónall Mac Giolla Chóill i bhfeighil an tsearmanais.
“Is onóir mhór í an fhreagracht seo a bheith orm,” arsa Conall, a oibríonn le Féile an Phobail.
“Mhothaigh mé i gcónaí gur chuir an pobal LGBT agus pobal na Gaeilge fáilte romhainn agus mar sin tá bród orm seasamh ar son na gcúiseanna seo.”
Tosóidh an fronsa ag 6.15in Déardaoin 3 Lúnasa sa Chultúrlann agus tá fáilte roimh chách.
Leanfaidh an spraoi ar aghaidh Dé Satharin leis an Dioscó Dearg, iar-chóisir na bainise, áit a mbeidh Emma Ní Fhíoruisce, Tonnta, Bréag agus Polca 4 ag seinm sa Devenish in iarthar na cathrach.