Gaeil a dhéileáil leis na póilíní i nGaeilge á lorg
taighde ar bun faoi chearta teanga

Tá taighdeoir i mBaile Átha Cliath ag iarraidh labhairt le cainteoirí Gaeilge a dhéileáil le húdaráis an stáit agus PhD á dhéanamh aici faoin mbealach a dtéann cainteoirí mionteangacha i ngleic leis an gcóras dlí. 

Tá Gearóidín McEvoy, a bhfuil aithne ag pobal na Gaeilge uirthi cheana féin mar rannpháirtí rialta ar an bpodchraoladh Motherfoclóir, i mbun PhD in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i láthair na huaire agus taighde á dhéanamh aici ar chás na gcainteoirí Gaeilge in Éirinn, ar chás na gcainteoirí Sáimise sa bhFionlainn agus ar chás na gcainteoirí Sualainnise sa bhFionlainn freisin. 

Tá tréimhsí cainte ag Gearóidín sa bhFionlainn mar chuid den taighde cheana féin agus eolas bailithe aici faoi chás na mionteangacha sa tír sin, agus tá sí in Éirinn arís anois agus í sa tóir ar chainteoirí Gaeilge, idir chainteoirí dúchais agus fhoghlaimeoirí. 

Agallamh gairid maidir leis an taithí a bhí ag an gcainteoir Gaeilge leis an gcóras coiriúil in Éirinn atá i gceist leis an taighde agus spéis ag Gearóidín labhairt le daoine a raibh idir thaithí mhaith agus drochthaithí acu leis seirbhísí póilíneachta agus na cúirteanna. 

Dúirt Gearóidín go “gcabhróidh an taighde le cainteoirí Gaeilge agus iad ag dul i ngleic leis an gcóras cirt” amach anseo agus go bhfuil sé tábhachtach go gcloisfidh sí ó go leor cainteoirí Gaeilge ar fud na hÉireann. 

Is í an Ghaeilge teanga oifigiúil na Sé Chontae Fichead agus ceadaíonn Bunreacht na hÉireann don duine gach gnó agus gach cuid dá ghnó a dhéanamh leis an stát trí Ghaeilge agus trí Ghaeilge amháin. Tá dualgais ar chomhlachtaí poiblí na tíre, An Garda Síochána ina measc, géilleadh don cheart sin. Anuas ar stádas bunreachtúil na Gaeilge, achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla in 2003 agus tugadh breis cearta agus tacaíochta do chainteoirí Gaeilge. 

Tá cosaint bheag ag an nGaeilge ó thuaidh ach níl stádas mar theanga oifigiúil aici ann go fóill. Níl aon reachtaíocht teanga i bhfeidhm ach an oiread agus níl aon cheart ag saoránaigh an tuaiscirt déileáil leis an stát i nGaeilge. Is ar mhaithe le hAcht Gaeilge a bhain amach ó thuaidh atá an grúpa feachtais An Dream Dearg, chomh maith le heagraíochtaí eile teanga, i mbun gnímh faoi láthair. 

Más maith leatsa páirt a ghlacadh sa taighde seo, cuir ríomhphost chuig gearoidin.mcevoy4@mail.dcu.ie.