Fógraíodh an tseachtain seo go mbeidh na cainteanna iomráiteacha TED Talks á reáchtáil i gcathair na dTreabh sa bhliain úr.
Chuige sin tá fáilte á cur roimh thuairimí agus ábhar spéisiúil a bheadh feiliúnach do na cainteanna, a chuirfear i láthair lucht leanúna TED Talks timpeall na cruinne.
Is sraith comhdhálacha iad TED Talks ina labhraíonn duine os comhair slua, agus ar líne, faoi smaoineamh úrnua atá acu a chuirfidh lenár dtuiscint ar an saol.
Tá lucht féachana suntasach cruthaithe ag na cainteanna le tamall de bhlianta anuas agus tá ócáidí TED tar éis titim amach i dtíortha ar fud an domhain.
I measc na dtéamaí atá beartaithe do Ghaillimh cheana féin, tá teicneolaíocht, gnólachtaí nuathionscanta, cultúr, gníomhaíochas agus meabhairshláinte.
Agus, dar le heagraí na hócáide, go bhfuil spás ann fós le haghaidh cainteanna a chuirfeadh gné uathúil de shaol na Gaeilge os comhair an tsaoil mhóir.
Is é Conor Stitt, iar-Leas-Uachtarán Aontas na Mac Léinn, Gaillimh, atá i mbun TED Talks a chur ar siúl sa chathair.
Ag labhairt dó le NÓS dúirt sé go bhfuil sé ag súil go mbeidh daoine óga i gcroílár na hiarrachta.
“Mothaím go bhfuil fuinneamh ar leith i nGaillimh agus gurb iad na daoine óga atá ag tiomáint na cathrach chun cinn,” ar seisean.
“Is deis é seo ardán a thabhairt don aos óg, teachtaireachtaí dearfacha a scaipeadh ar réimse ábhair agus a gcuid fuinnimh a chur i dtreo rud éigin iontach fiúntach.”
Faoi láthair tá foireann d’oibrithe deonacha á cur le chéile a bheas rannpháirteach i bhforbairt réimse ábhair na léachtaí agus i reáchtáil na hócáide.
“Tá bunús deonach ag TED Talks agus, ach an oiread liom féin, ba mhaith liom go mbeidh eispéireas maith ag na daoine a bheas ag obair air, go dtabharfar deis dóibh a gcuid tuairimí a chur chun cinn, agus díriú ar chaint a reáchtáil a bhfuil spéis acu féin ann.”
Ar cheann de na gnéithe a thagann leis na TED Talks ar fad ná go mbíonn súil dhomhanda i gceist.
“An rud is mó faoi TED Talks ná go rachadh sé i bhfeidhm ar éisteoirí an domhain mhóir,” arsa Conor.
“Má tá muid le labhairt ar an Ghaeilge, ba mhaith leo go mbeadh muid ag plé léi mar mhionteanga i gcomhthéacs idirnáisiúnta, in áit a bheith ag díriú ar chás na Gaeilge sa tír seo amháin.
“Tá smaointí cruthaitheacha á bhforbairt anseo i gcónaí a bhrúnn an teanga ar aghaidh agus tá deis ann na smaointí sin a léiriú don domhan agus tionchar a imirt ar theangacha eile atá sa chás céanna.”
An dóigh leat go bhfuil ábhar cainte agatsa – faoin Ghaeilge nó fiú faoi ábhar eile – a bheadh fóirsteanach do TED Talks?
Nó an bhfuil fonn ort bheith páirteach i reáchtáil na comhdhála?
Téigh i dteagmháil le Conor ar conorstitt@gmail.com