‘Gaeil ar son Rogha’ le seoladh go hoifigiúil

Seolfar an feachtas ‘Gaeil ar Son Rogha’, grúpa cainteoirí Gaeilge ar mian leo go n-aisghairfí an t-ochtú leasú ar Bhunreacht na hÉireann, go hoifigiúil an tseachtain seo chugainn i mBaile Átha Cliath. Bunaíodh an grúpa san ardchathair an mhí seo caite agus tá roinnt feachtasaíochta déanta faoi bhratach an ghrúpa cheana féin ach is i gClub na Múinteoirí i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin seo chugainn a sheolfar a bhfeachtas go hoifigiúil. 

Beidh aoi-chainteoirí i láthair ar an oíche agus beidh ceoltóirí ag casadh ann i ndiaidh na gcainteanna. Beidh earraí bolscaireachta i nGaeilge ar son ‘Aisghair’, cnaipí, léinte, málaí agus ábhar eile den chineál sin, ar fáil le ceannacht ann freisin. 

Beidh an seoladh Dé Céadaoin, 18 Aibreán, i gClub na Múinteoirí i mBaile Átha Cliath ag 19.00. 

Deir Gaeil ar son Rogha go bhfuil sé mar aidhm ag an ngrúpa “breis cearta ginmhillte a chinntiú do mhná na hÉireann”. Tá sé mar phríomhchuspóir ag an ngrúpa go ndéanfar díospóireacht ar an reifreann i nGaeilge agus go mbeidh an Ghaeilge “sofheicthe” sa bhfeachtas ar son an rúin go n-aisghairfí an leasú a rinneadh in 1983. Ba mhaith leis an ngrúpa “eolas a chur ar fáil do phobal na hÉireann i nGaeilge” i dtaobh an reifrinn atá beartaithe don 25 Bealtaine agus faoi “chearta ginmhillte”.

Go dtí seo, bhí ionadaithe an ghrúpa le cloisteáil ar chláracha éagsúla raidió ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió Fáilte agus Raidió na dTreabh agus tá ailt leo foilsithe ar na meáin Ghaeilge, an suíomh seo ina measc. Tá ceardlanna reáchtáilte ag an ngrúpa freisin le hoiliúint a chur ar na hionadaithe seo le go mbeidh siad in ann labhairt leis na meáin Ghaeilge. 

Tá an grúpa “ar son rogha iomlán do mhná in Éirinn i dtaobh cearta ginmhillte” agus níor mhian leis go mbeadh “aon chonstaic ag baint leis an rogha”. Maíonn an grúpa go mbeidh siad “ag obair chun an méid is mó saoirse a bhaint amach do mhná” agus is féidir leo.

SCÉALTA EILE