Tá ‘glór’ nua ag Gaeil Mhanann agus a gcéad chruinniú mór curtha díobh ag an eagraíocht nuabhunaithe Coraa san oileán Gaelach an deireadh seachtaine seo caite. Chruinnigh cainteoirí Gaelg an oileáin, chomh maith le cainteoirí Gaeilge agus Gàidhlig in Óstán an Mitre i Rhumsaa in oirthuaisceart an oileáin don ‘Fastyr Gaelgagh’, nó ‘Tráthnóna Gaelach’, a d’eagraigh Coraa Luan Cásca.
Bhí an cruinniú á reáchtáil i gcomhar leis an bhféile Shennaghys Jiu (Seanchas Inniu), féile cheoil agus chultúir a bunaíodh os cionn scór blianta ó shin. I measc na gcainteoirí ar an bpainéal plé bhí an tÉireannach Ben Ó Ceallaigh, as Ros Comáin, atá ag foghlaim na Manainnise i láthair na huaire. Cuireadh tús leis an tráthnóna le léacht ó Chustal Lewin, a d’eagraigh an tráthnóna, faoi chóras scríbhneoireachta na Manainnise san 18ú hAois. Thug an Ceallach, a bhí ag labhairt thar ceann na heagraíochta MISNEACH, óráid uaidh ina dhiaidh sin faoi obair MISNEACH in Éirinn agus faoin gcraobh atá lonnaithe in Albain, MISNEACHD. Ba de thoradh na teagmhála a bhí ag Custal Lewin le baill MISNEACHD in Albain a eagraíodh an ‘Fastyr Gaelgagh’.
Ba é seo an chéad uair a thug Ben Ó Ceallaigh cuairt ar Mhanainn cé go bhfuil teanga an oileáin á foghlaim aige le tamall de bhlianta anuas. Mhaígh sé nár fhéad sé a rá le muintir an oileáin cén chaoi a dteanga féin a chur chun cinn ina n-oileán féin ach go bhféadfadh sé a rá leo cé na rudaí maithe a bhí ar bun ag MISNEACH sa dá thír Ghaelacha eile. Spreag caint an Cheallaigh roinnt ceisteanna ón slua faoi obair MISNEACH agus tionchar na hoibre sin ar chás na Gaeilge in Éirinn.
Nuair a bhí an plé sin thart cuireadh tús le seisiún painéil agus idir pholaiteoirí, scríbhneoirí, ghníomhaithe teanga agus lucht léinn ar an bpainéal le mórcheisteanna na Gaelg a chíoradh os comhair phobal a labhartha. Fiafraíodh den seachtar a bhí ar an bpainéal, idir óg agus aosta, faoi na rudaí atá ‘á ndéanamh i gceart’ ag pobal na Manainnise, faoi na rudaí nach bhfuil ag obair ar leas na teanga agus faoi na rudaí ar mhaith leo a fheiceáil, ó thaobh na Manainnise de, i gceann 20 bliain.
Dúirt duine den phainéal gur géar a theastaigh leithéidí MISNEACH i Manainn, fiú mura n-éireodh lena leithéid de ghrúpa ach an rialtas a spreagadh le cluas éisteachta níos mó a thabhairt d’eagraíocht teanga “nach bhfuil chomh radacach céanna”.
Luadh cúrsaí oideachais mar bhunchloch na Manainnise san oileán agus d’aontaigh an painéal go léir gur cheart tuilleadh teaghlaigh óga a mhealladh chun na scoile le cur le líon na gcainteoirí Manainnise amach anseo. Tá bunscoil lán-Mhanainnise san oileán cheana féin agus dúradh gur chóir iarracht a dhéanamh líon na ndaltaí atá ag freastal ar an scoil sin a mhéadú faoi dhó, agus gur chóir brú a chur ar ollscoileanna sa mBreatain, mar a dtéann go leor Manannach ar ollscoil, modúil sa Manainnis a chur mar chuid de chúrsaí sa Léann Ceilteach.
Ar na deacrachtaí a luadh, bhí an t-achar tíreolaíoch idir cainteoirí cumasacha Gaelg agus na fadhbanna a bhíonn ag na cainteoirí sin casadh ar a chéile agus freastal ar imeachtaí Manainnise san oileán go rialta. Tá fíorbheagán cainteoirí cumasacha Manainnise san oileán agus tá roinnt mhaith acu scaipthe óna chéile.
Luadh freisin rudaí ar nós na comharthaíochta bóthair agus comharthaíocht eile stáit, agus é le maíomh ag roinnt daoine a bhí i láthair gur cheart iallach a chur ar an rialtas agus ar chomhairlí áitiúla an chomharthaíocht a chur i Manainnis freisin.
Luadh ceisteanna nach ceisteanna teanga go sonrach iad freisin ag an seisiún agus maíodh go raibh dlúthcheangal idir polasaithe rialtais i leith rudaí eile agus fás agus forbairt na teanga. Thug Ben Ó Ceallaigh le fios gur namhaid na teanga é an caipitleachas agus gur mhór an gar don Mhanainnis é dá gcuirfí in aghaidh an chórais sin san oileán, mar a mhaíonn an eagraíocht MISNEACH faoi chás na Gaeilge in Éirinn.
Tá súil ag Coraa cur lena bhallraíocht amach anseo, comhoibriú le grúpaí Gaelacha in Éirinn agus in Albain agus tuilleadh ócáidí Manainnise a eagrú sna míonna amach romhainn.