Tá buíochas mór gafa ag an bpobal bundúchasach Navachóch agus Hóipeach i Meiriceá Thuaidh le muintir na hÉireann as an tsuim mhór airgid atá deonaithe acu le dhá lá anuas le cúnamh a thabhairt don phobal atá buailte go dona leis an víreas corónach.
Tá breis agus $1,435,700 bailithe go dtí seo ar an leathanach GoFundMe a tosaíodh an mhí seo caite, agus tháinig go leor den airgead sin as Éirinn. Dhá lá ó shin a thosaigh an rabharta mór airgid ag teacht trasna an Atlantaigh ó phobal na hÉireann agus iad ag cuimhneamh ar an Drochshaol, agus go háirithe ar ’47 an Bhróin, nuair a tháinig an pobal Chahta i gcabhair ar mhuintir na hÉireann.
Roinn daoine mór le rá, idir cheoltóirí, ealaíontóirí, polaiteoirí, agus eile, as Éirinn an leathanach tiomsaithe airgid i gcaitheamh an deireadh seachtaine agus iad ag iarraidh ar mhuintir na tíre cuimhneamh ar an stair agus ar an dlúthpháirtíocht a léirigh pobal dúchasach Mheiriceá le muintir na hÉireann in am an ghátair.
Dúirt Aaron Yazzie, Navachóch a roinn an leathanach tiomsaithe airgid ar a phróifíl Twitter Dé Sathairn, go raibh “iontas air” faoin aird a tarraingíodh ar an ngiolc agus go ndeachaigh na freagraí a tugadh air “i bhfeidhm go mór air”.
“A chairde gaoil — tá iontas orm faoi na freagraí a tugadh ar an ngiolc seo le dhá lá anuas! Agus chuaigh siad go croí ionam. Tá an oiread sin daoine tar éis airgead a dheonú go flaithiúil agus [an leathanach] a roinnt ar fud na tíre, na dúiche bundúchasaí, agus timpeall an domhain — oraibhse atá mé ag breathnú a mhuintir na hÉIREANN! Go raibh míle maith agaibh!” a dúirt sé.