Graifití na nGael

Tá an graifítí á dhéanamh ó chuimhnigh an duine ar phictiúir a smearadh ar bhallaí pluaiseanna breis agus 40,0000 bliain ó shin. Thángthas ar shamplaí go leor faoin luaithreach timpeall ar Pompeii, leis.

Rinneadh íomhánna a ghreanadh i gclocha Bhrú na Bóinne timpeall ar 3200 BC. Tá samplaí de ghraifítí Gaeilge ar ballaí New York ón 19ú céad. Rinneadh go leor Gaeilge a bhreacadh ar bhallaí na gcillíní i gCill Mhaighneann leis.

Tagraíonn Liam Ó Muirthile, ina dhán ‘Sa Daingean’, do bhalla ag barr an chalaidh cháiliúil sin a bhfuil piceanna iomadúla de ar chártaí poist.

Is cuimhním ar an té a scríobh i dtarra

ar an bhfalla ag barr an chalaidh i nDún Chaoin:

‘Rith síos má tá ceamara agat’ – íoróin in aisce

i mionteanga Eorpach nach dtuigeann puinn.

As An Fuíoll Feá: Rogha Dánta 

I dtús an fhíseáin CEARTA, móramhrán Kneecap tá duine de Mhógalaí Bap nó Mo Chara le feiceáil ag breacadh CEARTA ar bhalla. Cén fáth a ndéantar an graifítí agus an ealaín seo sa Ghaeilge, más i mionteanga Eorpach í nach dtuigeann puinn?

Tá cúiseanna go leor ann, ar ndóigh, ach feictear dom gur gníomh é an graifítí a dhéanann an réimse poiblí a athshealbhú de bheagán. Saorann sé an timpeallacht phoiblí uirbeach, go háirithe, ó lámha na gcorparáidí agus na bhfógróirí amháin. Gníomh é a chuireann solas nó greann isteach sa saol. Gníomh a spreagann muid chun gnímh. Gníomh a Ghaelaíonn an saol mórthimpeall orainn agus a deir leis an saol mór ‘IS ANN DÚINN!’ (go speisialta más i litreacha móra dearga ar bhinn tí a bhíonn sé scríofa).

Tá léiriú beag thíos ar chuid dá bhfuil á mbreacadh ar bhallaí agus ar fhoirgnimh na hÉireann (agus roinnt áiteanna thar lear). Tá meascán rudaí ann. Polaitíocht, filíocht, ceist na teanga, drugaí, ealaín, mórtas áite a spreagadh, spórt, eolas a scaipeadh, spraoi, teachtaireachtaí polaitiúla eile a athrú, fógraíocht agus go leor eile. Idir fhógraí, mhúrphictiúir, phíosaí ealaíne agus ghraifítí féin tá os cionn 100 sampla bailithe agam. Má tá samplaí eile feicthe agaibh le tamall cuirigí chugainn anseo iad.

@nosmag | @murchadhmor

Foinsí (bhí sé deacair teacht ar roinnt foinsí, má tá ceann gan lua abraigí linn é): Bill Drummond, Múrmhaisiú de Sheán Ó Ríordáin sa Sciobairín i gCorcaí. Kevin O’Brien ó Viva Media, agus Alan Hurley, @OsgurOCiardha, Seanán Ó Coistín, Ciarán Ó Raghallaigh Go néirí an Bóthar Leat, grá mo chroí Alison O’Grady, boscaí leictreachais Reimagine Cork agus People’s Republic Of Cork, Cumann Sacair Naomh Pádraig, @sionnighre @r5ramona, mostlyarmless, weavenews.org, beeKneequitter

SCÉALTA EILE