Iarrann an WUC ar rialtas na Síne stad den ghéarleanúint ar Uigiúraigh

Tá iarrtha ag an World Uyghur Congress (WUC) ar rialtas na Síne stad den ghéarleanúint ar ghníomhaithe Uigiúracha sa tíd. Luaigh siad go bhfuil an rialtas ag sárú chearta an duine.

Phóstáil an WUC giolc ar X (Twitter) inné ag iarraidh ar rialtas na Síne deireadh a chur le ciapadh na ngníomhaithe Uigiúracha. Scríobh said, “The WUC calls on the Chinese government to end the persecution of family members of Uyghur activists. This is part of transnational repression. WUC’s former President Dolkun Isa has faced those threats for over 30 years because of his activism.”

D’eisigh an WUC an ráiteas i ndiaidh do chuntas oifigiúil Bunachar Sonraí um Íospartaigh in Xinjiang tras-scríbhinn aistrithe ó Uyghur News a phóstáil. Sa tras-scríbhinn bhí scairteanna gutháin leis na póilíní agus le hoifigí riaracháin in Aksu, Xinjiang a taifeadadh. Dhearbhaigh na comhráite seo príosúnacht saoil Hushtar, deartháir le Dolkun Isa, Uachtarán an WUC ó Shamhain 2017.

Nuair a d’fhoghlaim Isa seo, roinn sé a eispéireas féin mar Uigiúrach arb as an tSín dó. Seo thíos aistriúchán ar a mhéid a phléigh sé.

“Chuaigh deartháir óg liom, Hushtar, ar iarraidh in 2016. D’fhoghlaim mé ón RFA faoina phionós ina dhiaidh sin. Gearradh téarma príosúin 17 mbliana ar a laghad ar dheartháir mór liom, Yalqun. Fuair mo mháthair bás i gcampa géibhinn in 2018. D’éag m’athair in 2020. Níl eolas ar bith agam ar na cúinsí. An choir — a bheith ina nUigiúrach agus a bheith gaolta liomsa. Tá tacaíocht idirnáisiúnta de dhíth orm leis an chuid eile de mo theaghlach a shábháil! Níor chóir go ndéanfaí a leithéid ar Chosantóirí Cearta Daonna.”

Tugann scéal Isa léargas gruama ar na straitéisí atá á n-úsáid ag rialtas na Síne le dul i gcoinne gníomhaithe Uigiúracha. Is patrún é seo a fheictear i gcoimhlintí fud an domhain agus údaráis ag iarraidh cosantóirí ar chearta daonna a chur ina dtost. An scéal céanna atá ann nuair a dhéanann an t-arm Iosraelach ionsaí ar dhaoine atá gaolta le hiriseoirí Palaistíneacha. Leagann ráiteas an WUC béim ar an ghá le habhcóideacht idirnáisiúnta chun dul i ngleic le héagóir agus chun teaghlaigh Uigiúracha a chosaint.

Tuairiscíodh go maith na sáruithe ar chearta an duine maidir leis an phobal Uigiúrach in Xinjiang, a tharraing cáineadh forleathan ón phobal idirnáisiúnta. I gcroílár na sáruithe seo, tá breis agus milliún Uigiúrach agus mionlaigh Mhoslamacha eile faoi choinneáil “i gcampaí athoiliúna”. Déanann na daoine atá á gcoinneáil obair éigeantais, maireann siad i gcoinníollacha crua, agus rinneadh díonteagasc polaitiúil gan staonadh orthu.

Tá bac ar chleachtadh an chreidimh Uigiúraigh, scriostar moscanna agus is minic a thugtar páistí Uigiúracha faoi chúram an stáit ionas go meascfaidh siad leis an chultúr Han Shíneach.

Brúitear obair éigeantais orthu fosta. Is minic a chuirtear iallach ar Uigiúraigh in a lán tionscal coinníollacha oibre uafásacha a mhairstin. Tharraing an cos ar bolg córasach seo éilimh phráinneacha ón phobal idirnáisiúnta  i bhfabhar idirghabhála agus an WUC agus forais idirnáisiúnta eile ag cur brú ar rialtas na Síne deireadh a chur leis an leatrom agus ceart agus cóir a chur chun cinn.

SCÉALTA EILE