Is gá do na Gaeil éirí amach go ciúin chun meon aineolach leithéidí Rosita Boland a athrú, a scríobhann Ainle Ó Cairealláin.
An duine de Illuminati na Gaeilge thú?
Chan go fóill, b’fhéidir, ach fan agam.
An Illuminati: eagraíocht faoi thalamh a théann in éadan piseog, éagóra agus mí-úsáid cumhachta.
Is é an modus operandi atá aige, de réir na dtuairiscí, eagraíochtaí éagsúla a chur faoina smacht, ach gan ceannas iomlán a ghlacadh mar a bheadh deachtóir ann.
Tá sé ráite go bhfuil an Illuminati fite fuaite sna mór-eagraíochtaí ar fad, é ag obair leis ag cur a chuid polasaithe féin chun cinn i nganfhios don domhan mhór.
Ní saineolaí mé ar sheanghrúpaí rúnda, ná baol air, agus leis an fhírinne a rá, is sa leabhar Da Vinci Code a chuala mé trácht ar an Illuminati den chéad uair.
Ach rith cur chuige an Illuminati liom tar éis dom alt conspóideach Rosita Boland a léamh inné san Irish Times.
Sílim go bhfuil féidearthachtaí ann dúinne úsáid a bhaint as taicticí an Illuminati leis an Ghaeilge a chur chun cinn.
As na Gaeilgeoirí ar fad sa tír, tá cuid againn ag obair in eagraíochtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn go díreach, óir is é sin an príomhról atá acu.
Tá roinnt againn ag obair san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach, agus tá sciar eile ar an dól.
Cibé stádas oibre atá againn, is baill muid de ghrúpaí éagsúla: foirne spóirt, comhlachtaí, grúpaí pobail, coistí, cumainn agus ranganna, agus tá tionchar againn ar dhaoine eile ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.
Tá deis againn mar Ghaeil athbheochan agus feiceálacht na Gaeilge a chur cinn achan lá, gan ach beagán iarrachta a bheith i gceist.
Cuir i gcás, mar shampla, go bhfuil tú ar choiste siamsaíochta i gcomhlacht mór cógaisíochta nó teicneolaíochta, agus go bhfuil sibh ag eagrú turas deireadh seachtaine don fhoireann.
Ní haon dochar é turas chun na Gaeltachta a mholadh.
Nó abair go bhfuil tú istigh san oifig ag déanamh fótachóipeanna d’fhoirm éigin a mbaineann do chomhlacht úsáid aisti, agus go n-aithníonn tú gur furasta an rud é leagan Gaeilge den fhoirm a chur ar fáil.
Níl iarracht mhór i gceist le hiarratas a chur isteach chuig na daoine thuas staighre.
Ní luaitear é go minic, ach mothaím féin go bhfuil náire éigin ag baint le bheith i do Ghaeilgeoir i neart áiteanna sa tír seo.
Tá sé níos forleithne sa deisceart ná sa tuaisceart i mo thuairim féin.
Thiocfadh leat a rá nach aon ionadh é an náire sin a bheith beo sna daoine.
Lig an Stát, is é sin an córas oideachais, síos go mór iad.
Brúdh an Ghaeilge anuas orthu agus iad ar scoil agus fágadh cuid mhaith daoine gan aon Ghaeilge ar a dtoil acu.
Nuair a smaoiním air seo, tuigim cén fáth a mbeadh náire nó aiféaltas ar dhaoine úsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge i ndiaidh dóibh an scoil a fhágáil.
Má tá NÓS á léamh agat, seans maith go bhfuil an claonadh réabhlóideach ionat cheana féin, agus gur seanscéal é seo atá cluinste agat míle uair.
Mar sin féin, nach bhfuil sé in am dúinn comhghleacaithe, cairde agus gaolta a tharraingt isteach i saol na teanga?
Sa lá atá inniu ann, tá níos mó luacha ag baint lenár gcultúr féin ná mar a bhí riamh, agus dá dhoimhne a thiteann muid isteach i bpoll dubh na síormhargaíochta, na meán sóisialta agus na nguthán cliste, is amhlaidh is mó a bheas a mhalairt ag teastáil ó dhaoine ar mhaithe le sláinte coirp agus anama.
Tá ár nasc lenár gcultúr, leis an stair, leis an nádúr, le bia, agus lenár sláinte á bhriseadh, agus is iad na Gaeil cosantóirí cuid mhór de ghnéithe sin an tsaoil na laethanta seo.
De bharr go bhfuil dlúthcheangal againn leis an teanga go fóill, tá ceangal níos daingne againn leis an cheol, leis an damhsa, leis an bhia, leis an nádúr agus leis an spórt.
Sa lá atá inniu ann, ní thuigeann formhór mhuintir na hÉireann nach Béarla a bhí á labhairt ag a sinsir.
Tá nasc ag achan Éireannach leis an Ghaeilge, fiú mura n-aithníonn siad féin é.
Is gá do na Gaeil éirí amach go ciúin chun an meon aineolach i leith na Gaeilge, atá go fairsing ar fud na tíre, a athrú.
Dírímis ar an athbheochan a bhrú chun cinn le go mbeidh an Ghaeilge ar ais san áit ar chóir di a bheith – ar bharr a theanga nó a teanga ag achan saoránach de chuid na tíre seo.
Illuminati na Gaeilge abú!