Dhá bhliain ó shin, bhí Sonita Alizadeh ag glanadh leithreas i dTehran na hIaráine.
Ba theifeach í a tháinig chun na cathrach sa tóir ar thearmann ó choimhlint na hAfganastáine.
Cailín óg a bhí inti ach ní raibh fáil ar scolaíocht aici mar gheall ar a stádas neamhoifigiúil ina tír úr.
Mar sin, rinne sí léamh agus scríobh a fhoghlaim ar bhonn neamhfhoirmiúil le heagraíocht neamhrialtasach nuair a bhí sí saor ón obair.
Lá amháin, théis trí bliana gan súil a leagan ar a chéile, thug a máthair cuairt uirthi ón Afganastáin.
“Tá fear ann,” ar sise, “agus tá sé ag feitheamh ort.”
Bhí spré de dhíth ar a deartháir le bean a fháil dó féin agus, leis sin, bhí an cailín óg sé bliana déag d’aois le pósadh.
Nó níos cruinne fós, bhí sí le díol, ar $9,000.
Ach ó bhain Sonita Tehran amach ba léir nár dhuine í a d’fháiltigh roimh shrianta an traidisiúin.
In ainneoin ollchoimeádachas na sochaí, a chuireann guth na mban go mór faoi chois, thit an déagóir faoi gheasa na filíochta agus an rapcheoil.
Thosaigh sí ag cumadh is ag ceol.
An chogaíocht, saol na dteifeach is na n-oibrithe linbh, agus cás na gcailíní is na mban a bhí ina n-ábhar amhráin aici.
Sa chaoi chéanna is a chuaigh sí i ngleic le cruatan an tsaoil go dtí sin, chuaigh Sonita i mbun ceoil mar fhreagra ar a cleamhnas.
Le cuidiú ó léiritheoir báúil, chruthaigh sí físeán ceoil dá hamhrán ‘Dokhtar Foroshi’ (‘Iníonacha ar Díol’) agus cuireadh a scéal agus scéal a cairde faoi bhráid an domhain.
Cuireann ‘Dokhtar Foroshi’ scéal na mbrídeach linbh os ár gcomhair agus déanann sé iarracht cur ina luí ar an lucht éisteachta nach ainmhí nó neamhní é cailín, ach duine.
“Feictear orm mar chaora, a thógtar le halpadh.
Deir siad arís gur mithid mé a dhíoladh.
Ach is duine mise freisin, is liomsa na súile is na cluasa seo.”
Amhrán agus físeán thar a bheith cumhachtach atá ann, a léiríonn aibíocht dochreidte an rapadóra óig.
Ar ndóigh, meafar atá sa bharrachód ar a héadan, tagairt don luach airgid a thugtar ar bheatha mná, ach is aithris ar ghortuithe saolta a cairde na baill ghorma a chaitheann sí san fhíseán.
Idir liricí agus íomhánna cuireann Sonita síos ar an bpian fisiciúil agus mothúchánach atá i ndán dá leithéid, a dhíoltar le strainséirí fir.
“Ní chuirfidh smideadh biseach ar m’aghaidh bhrúite…
Dar m’anam, gortaíonn an caidreamh gan ghrá,
Nuair a fháisctear i mbaclainn strainséara thú.”
Mar a mhíníonn sí san amhrán, de ghnáth níl de dhara rogha ag an mbrídeach linbh ach lámh a chur ina bás féin, ach buíochas le Dia bronnadh bealach eile ar an rapadóir cróga seo.
Chuaigh an físeán agus a raibh le rá ag Sonita go mór i bhfeidhm ar fhoireann The Strongheart Group, eagras a thacaíonn le daoine ar mhaith leo an saol a athrú ar bhonn dearfach.
Le cúnamh scoláireachta ón ngrúpa d’éalaigh sí as an Iaráin agus thosaigh sí ag freastal ar mheánscoil d’ardcháil in SAM.
Ach seachas droim láimhe a thabhairt leis an tír a chaith go dona léi, tá sé i gceist ag Sonita filleadh ar an Afganastáin théis di oideachas tríú leibhéal a bhaint amach agus obair a dhéanamh ar mhaithe leis an tsochaí a chur ar bhóthar a leasa.
Nuair a bhíonn sos ón staidéar aici cumann agus ceolann sí fós agus bíonn sí ag feidhmiú mar urlabhraí idirnáisiúnta ar son chearta na bpáistí is na mban.
Tá scéal Sonita le feiceáil ar an scáileán i láthair na huaire, a bhuí le Rokhsareh Ghaem Maghami, stiúrthóir Iaránach a chuir suim ina scéal agus a lean an cailín óg agus í ina teifeach i dTehran.
Mura dtagann tú ar an scannán féin is féidir cos a choinneáil le heachtraí Sonita ar shuíomh PRI, áit a bhfuil dialann á scríobh aici.
Nó is féidir an haischlib #SonitasWorld a chuardach ar Twitter.