Tá glór nua ag Gaeil na hAlban agus iris seolta ag an Mòd Nàiseanta Rìoghail ag an ngrúpa ‘Misneachd’ — Buaidh. Tá an chéad eagrán den iris, eagrán an fhómhair 2018, ar fáil anois ón ngrúpa, agus é ar intinn acu í a fhoilsiú uair sa ráithe. Tá súil ag Misneachd cóipeanna a chur ar fáil i siopaí agus ionaid éagsúla timpeall na hAlban amach anseo freisin.
Dúirt Ben Ó Ceallaigh, ball de Mhisneachd Dhún Éideann, le NÓS go raibh ailt i nGaeilge na hAlban á bhfoilsiú anois is arís in iris Mhisneach in Éirinn, Mionlach, ach gur bhraith Gaeil na hAlban gurbh fhiú iris iomlán dá gcuid féin a chur i gcló.
“Chonaic Misneachd na hAlban Mionlach agus foilsíodh corr-alt ann, ach dúirt muid gur fiú macasamhail a dhéanamh anseo, an smaoineamh céanna gur iris nach mbeadh ag braith ar mhaoiniú stáit a bheadh ann, agus an leagan amach céanna. D’fhoilsigh muid an chéad eagrán agus sheol ag an Mòd agus beidh an chéad eagrán eile ag teacht amach ag tús na bliana úra.
“Baineann formhór na n-alt san eagrán seo leis an bplean radacach náisiúnta a scríobh muid, agus tá achoimre ar an bplean féin. féin. Tá ailt pholaitíocht agus tuairimíochta ann chomh maith le haistriúchán ar an amhrán Bella Ciao. Ní cúrsaí teanga amháin a bheidh faoi chaibidil san. alt ach cúrsaí tithíochta agus eacnamaíochta chomh maith. Tá plé ann faoin nGaelscolaíocht sna hoileáin Ghaelacha freisin,” a dúirt Ben.
Tá Buaidh ar fáil ó chraobhacha Misneachd in Albain agus beidh sé á dáileadh ar shiopaí sna ceantair Ghaelacha sa tír sna seachtainí amach romhainn, go háirithe na hoileáin ina bhfuil an Ghàidhlig á labhairt ar bhonn laethúil go fóill, chomh maith le siopaí a thacaíonn leis an nGàidhlig i gcathracha móra na hAlban, ar nós an tsiopa leabhar Gàidhlig i nGlaschú.
Beidh sé ar fáil in Éirinn an mhí seo chugainn ó chraobhacha Misneach sa tír seo agus i roinnt siopaí ina mbíonn leabhair agus irisí Gaeilge ar fáil cheana féin.