Thart ar an am seo anuraidh, scríobh mé alt do Lá Idirnáisiúnta na mBan. Ag an am dúirt mé go rabhas ana-shásta a bheith i mo bhean, ainneoin na ndeacrachtaí.
I mbliana, níl mé chomh siúráilte céanna.
Ní fhéadfainn a shamhlú agus mé i mbun pinn an t-am sin, go marófaí bean óg cúpla mí ina dhiaidh. Bean ar comhaois liom í, nach raibh ach ag dul ag rith i ndiaidh na scoile, gan an ghrian fiú tar éis dul faoi.
Ba bhuille tubaisteach í dúnmharú Ashling Murphy a chuaigh go smior in gach aon bhean sa tír seo, a fhágfaidh lorg buan ar ár gcroí agus atá tar éis síol imní a chur ionainn nach raibh ann roimhe.
Ar feadh dhá oíche i ndiaidh dhúnmharú Ashling, tháinig tromluí athfillteach orm; go raibh fear ina sheasamh ag bun na leapa sa dorchadas agus mé i mo chodladh. An chéad oíche, ba é mo scairt féin a dhúisigh mé. B’éigean dom éirigh as an leaba, mé ar crith, le cinntiú nach raibh duine ná deoir sa teach liom, agus go raibh an doras tosaigh faoi ghlas.
An dara hoíche, d’fhág mé an solas ar lasadh nuair a chuaigh mé a luí, ach in aisce. Dhúisigh mé, agus an fear ard, anaithnid sa seomra liom arís.
An lá dar gcionn, chas mé le comharsana liom agus dar ndóigh bhí uafás an dúnmharaithe á phlé, mar a bhí fud na tíre. Ina dteannta siúd, d’admhaigh mé go raibh deacrachtaí codlata orm agus d’inis dóibh an méid a tharla. Ní raibh inste agam d’éinne roimhe sin faoin tromluí os ard, agus le bheith fírinneach bhí náire orm ar bhealach, agus mé do mo cháineadh féin as bheith ag gearán faoi rud chomh fánach le tromluí nuair a bhí rud chomh huafásach le dúnmharú tar éis titim amach.
Anuas air sin, bhí náire de shaghas eile ag baint le hadmháil faoin méid a chuaigh an scéal i bhfeidhm orm, nuair nach raibh aithne phearsanta agam ar Ashling féin, ná ar éinne a bhain léi.
Ach níos déanaí an oíche sin, fuair mé téacs ó bhean de chuid na comharsana. Dúirt sí liom gur oth léi a chlos faoi na tromluithe, agus dá mbeadh eagla orm sa teach riamh nach raibh le déanamh ach scairt uirthi agus go mbeadh sí liom laistigh de chúig nóiméad. Bhí fonn uirthi cur ina luí orm go raibh mé sábháilte anseo, agus cairde maithe agam. Arís, bhí sórt náire orm agus an guth inmheánach do mo cháineadh, ‘Ar chosúil go raibh mé ag iarraidh aird a tharraingt orm féin?’. Ach an oíche sin, níor éirigh leis an bhfear dorcha dul thar an tairseach.
Bhí go leor cainte am an dúnmharaithe ar iompar na bhfear agus bhí rinne go leor daoine an pointe “nach gach fear” a bhíonn ag déanamh dochair. Ní chíorfaidh mé an cheist úd go mion anseo, ach déarfaidh mé go n-aontaím leis go pointe. Is grá liom féin m’athair, mo dheartháir agus mo chairde fir agus níor mhaith liom dá sínfí méar chucusan gan chúis.
Ach nuair a bhí an machnamh á dhéanamh agam ar an gceist chonspóideach chéanna, bhí rud amháin soiléir dom. B’fhéidir nach bhfuil dochar á dhéanamh ag gach fear, ach is beag tuisceana atá acu ar ár gcuid trioblóidí.
Nuair a thagraím dár ‘dtrioblóidí’, nílim ag caint ar chrampaí míosta, ná an bhearna pá, ná an cháin bhándearg. Ní nithe fánacha iad ach oiread, ach táimse ag caint ar rud níos doimhne. Táim ag caint ar an eagla a luíonn go smior in gach aon duine againn, a mhaireann ionainn go ciúin.
Níorbh í oíche dhúnmharú Ashling Murphy an chéad oíche a tháinig an tromluí úd orm, ná an chéad uair a dhúisigh mé agus allas le mo chraiceann dá bharr.
Is fiú dom a lua nach mbíonn eagla orm agus mé i mo dhúiseacht. Bíonn comharsana maithe mórthimpeall orm, bíonn glas ar an doras agus tá muinín agam sna rudaí úd. Ach is scéal eile é nuair a théim a luí. Cé go bhfuilim muiníneach, cróga i mo dhúiseacht, is léir nach ionann an scéal go fo-chomhfhiosach, rud a nochtar agus mé sa riocht is leochailí.
Is fiú dom a rá freisin nach tromluí é seo a bhíonn ag teacht orm mar gheall ar eachtra ar bith a tharla dom. Ar ámharaí an tsaoil, níor tharla aon uafás dá leithéid dom san fhíorshaol.
Tagann sé orm mar is bean mé.
Fiú nuair a cheapann m’intinn go bhfuilim sábháilte agus mé i mo dhúiseacht, tá fios na fírinne i mo cholainn chodlata.
Níl muid sábháilte, agus tá scéalta féin ag gach bean leis sin a chruthú.
Bhí orm féin an fód a sheasamh le fíordhéanaí, agus mé i dteach tábhairne lán d’fhir. Bhí suas le dhá dhuine dhéag acu ann b’fhéidir, agus mise an t-aon bhean sa seomra. Ní thabharfainn suntas dó sin, murach gur tháinig fear ólta chugam do mo chiapadh ag an gcuntar.
Nuair a thosaigh sé ag cur isteach orm i dtosach, á bhrú féin isteach i mo spás pearsanta agus ag triail ar labhairt liom, a chaint amaideach á cogaint aige, thóg mé dhá chéim siar uaidh agus thug mé an chluas bhodhar dó. D’imigh sé leis théis nóiméad nó dhó, agus lig mé osna faoisimh asam.
Cúpla nóiméad ina dhiaidh, nuair a tháinig sé aniar aduaidh orm, greim a dhá bhos aige ar mo ghuaillí le crúbáil a dhéanamh ar mo dhroim, chaill mé mo chloigeann. Thug mé sonc sa chliabh dó agus dúirt leis imeacht uaim, gur slíomadóir a bhí ann.
A fhad is a bhí sé seo ag titim amach, tiontaíodh súile na bhfear uainn; i dtreo na teilifíse, an urláir, a mbróg.
‘An rud nach mbaineann leat, ná bain dó’.
An t-aon fhear a labhair amach ar mo shon ná fear óg taobh thiar den chuntar, a dúirt leis an slíomadóir ciall bheith aige agus stopadh. Nuair a d’imigh fear na lámh leis, ghabh an fear óg leithscéal dom as ar tharla. Thug mé miongháire lag dó is dúirt go raibh sé ceart go leor.
Dar ndóigh, ní raibh.
A luaithe is a bhí mo phíotsa réidh (cúis mo thurais), theith mé liom abhaile agus ar shroichint an tí dom, bhris na deora amach orm.
Bhí sé ar a seacht a chlog tráthnóna.
Ní bheidh mná sábháilte go dtí go n-athróidh iompar na bhfear, is cuma am ná áit.
Tá fir ann a dhéanfaidh dochar dúinn má fhaigheann siad deis agus ar an drochuair, feictear dom gur báire buailte a bheadh ann meon na bhfear siúd i leith na mban a athrú.
An t-aon dóchas atá agam ná go bhféadfaimid dul i ngleic leo agus an lámh is fearr a fháil orthu; má oibríonn fir agus mná le chéile, má bhíonn misneach againn chun an fód a sheasamh, má labhraímid amach go hard i gcoinne iompar bagrach nuair a tharlaíonn sé agus má chosnaímid a chéile níos fearr sa todhchaí.