Tá bac curtha ar dhalta scoile i Sasana páirt a ghlacadh i bpríomhchomórtas Jack Petchey Speak Out Challenge, cé gur bhuaigh sí an comórtas réigiúnach.
Tháinig Leanne Muhammed, a fhreastalaíonn ar Wanstead High School i Londain, sa chéad áit ag tús na míosa i mbabhta réigiúnach de chuid ‘Speak Out’, comórtas náisiúnta cainte a bhíonn á reáchtáil ag Speakers Trust sa Bhreatain.
Thug an cailín meánscoile óráid mhothálach uaithi dar teideal ‘Birds not Bombs’, atá san fhíseán thíos agus a dhírigh ar an chos ar bolg atá á imirt ar mhuintir na Palaistíne.
Sa chaint, a mhair 3 bhomaite ar fad, labhair Leanne, a bhfuil fréamhacha aici sa Phalaistín, faoin leatrom atá á dhéanamh ar an óige sa tír agus thagair sí don deacracht atá ag páistí cúram sláinte a fháil.
Thuill an cainteoir cumasach bualadh bos mór ag deireadh na cainte agus focail Nelson Mandela á haithris aici: “Our freedom is incomplete without the freedom of the Palestinians”.
Ó shin i leith áfach, tá cinneadh déanta ag lucht eagraithe an chomórtais Leanne a tharraingt amach as an chomórtas toisc gearán a bheith déanta le Speakers Trust faoi ábhar na hóráide.
Tá sé tagtha chun solais gurb é an blagadóir aitheanta Edgar Davidson, atá ar son Iosrael, a rinne an gearán.
Tá blag scríofa aige ina ndéantar ionsaí ar óráid an chailín óig.
Dúirt príomhfheidhmeannach Speakers Trust, an eagraíocht a reáchtálann an comórtas, gur briseadh dhá riail bhunúsacha i gcás Leanne: an t-ábhar a bheith ag spréachadh daoine, agus é a bheith maslach.
Tarraingíodh físeán Leanne anuas ó shuíomh Speak Out agus ó chainéal YouTube na heagraíochta, ach tá leagan de i ndiaidh mearscaipeadh ó shin.
Léirigh an cainteoir óg a cuid frustrachais ar Twitter ar a chloisteáil di nach mbeadh sí ag dul ar aghaidh chuig an phríomhchomórtas.
Why is it called a "Speak Out Challenge" when I am then silenced?
— Leanne Mohamad♡ (@LeanneMohamad) May 29, 2016
Cor eile sa scéal ná go bhfuair an gníomhaí óg seo níos mó poiblíochta ná mar a gheobhadh.