Is mór an mhaith gur caitheadh péint dhearg ar an Tin Tan

Caitheadh péint dhearg ar an dealbh de shaighdiúir Briotanach atá ina sheasamh i bhFaiche Stiabhna an oíche cheana agus is mór an mhaith gur caitheadh. Tá traidisiún fada sa tír seo ‘loiteadh’ mar é a dhéanamh ar dhealbha impiriúla mar é agus is deas liom go bhfuil an traidisiún fós againn. 

Dúradh linn ar dtús gur saighdiúir ‘Éireannach’ a bhí sa dealbh (ar ndóigh níor throid aon saighdiúir Éireannach sa gCéad Chogadh Domhanda ach saighdiúirí Briotanacha as Éirinn), ach rinneadh an dealbh i Sasana anuraidh agus chuaigh sé ar camchuairt sa tír sin ar feadh bliain go leith sular tháinig sé go Baile Átha Cliath — is cinnte nár shíl muintir Shasana gur Éireannach a bhí anseo a bhí ag troid ar mhaithe le Rialtas Dúchais a bhaint amach in Éirinn. 

Thuairiscigh RTÉ ar nochtadh na deilbhe ag tús na míosa, agus dúradh sa tuairisc sin gur léiriú a bhí ann ar an “athrú meoin” atá tagtha ar mhuintir na hÉireann le blianta beaga anuas gurbh fhéidir rud mar é a chur i lár na cathrach. 

Níor rith sé leis an tuairisceoir go raibh sé ag seasamh faoi scáth “The Fusiliers’ Arch”, atá ag béal Fhaiche Stiabhna le breis agus céad bliain, ar a bhfuil greanta ainmneacha na saighdiúirí as Éirinn a cailleadh agus iad ag iarraidh coilíniú a dhéanamh ar mhuintir na hAfraice in ainm na Breataine. 

Tá ‘The Haunting Soldier’, nó an Tin Tan mar a thugaim féin air, ina sheasamh ar cheann de phríomhláithreacha catha Éirí Amach na Cásca, mar ar throid Constance Markievicz, Mícheál Ó Mealláin agus Arm Cathartha na hÉireann. Is mór an masla do chuimhne na saighdiúirí sin go gcrochfaí dealbh dá namhaid ar láthair a mbáis, láthair nach bhfuil dealbh iomlán (tá cloigeann na Cuntaoise ann) ná leac chuimhneacháin ann fós. 

Chuala muid caint go leor faoin “dul chun cinn” atá déanta againn le tamall de bhlianta anuas agus labhraíodh ar an “aibíocht” a bhaineann le dealbh mhór a dhéanann gníomh glórmhar den chogaíocht impiriúil a chur i lár Bhaile Átha Cliath. Níl ann, dáiríre, ach tuilleadh den mheon nimhneach Poipíneach sin a réabann Sasana (agus daoine ar mhaith leo Sasana beag a dhéanamh de thíortha eile) bliain i ndiaidh bliana mí na Samhna.

Is ceart agus agus is cóir cuimhneamh ar na saighdiúirí a cailleadh sa gCéad Chogadh Domhanda, agus iad a chaoineadh. Bhí ainm ar gach duine acu, agus (má chreideann tú ina leithéid) anam i ngach duine acu. Níl ainm ar an Tin Tan ná anam ann. Is é an Universal Soldier (ar a bhfuil an milleán ceart), dealbh gan éadan i gcruth an tsaighdiúra uilíoch, gan smál ar a éide ná a cholainn, nach seasann i gcuimhne ar rud bith seachas an chogaíocht féin.

Tá bealaí cearta ann le rudaí den sórt seo a chomóradh, go háirithe anseo in Éirinn áit a bhfuil an stair thar a bheith casta. Tá gairdín deas cuimhneacháin againn in ómós na saighdiúirí a cailleadh sa gCogadh Mór —  Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann. Osclaíodh na Gairdíní sin i mBaile Átha Cliath sna 1930idí, cé go ndeirtear linn go ndearnadh neamhaird ar shaighdiúirí as Éirinn in Arm na Breataine go dtí an céad seo. 

Más maith linn dealbh a nochtadh i gcuimhne ar na hÉireannaigh óga a maraíodh gan údar maith ar an Mór-Roinn idir 1914 agus 1918, molaim rud ar mhúnla pietà —  máthair ag caoineadh a mic, léiriú cruinn ceart ar an lorg a d’fhág Cogadh an Dá Ghall ar Éirinn.

Tá bealaí cearta le hagóidíocht in aghaidh an impiriúlachais agus an sodar i ndiaidh na Sasanach, agus is bealach maith péint a chaitheamh ar dhealbh ghránna le haird a tharraingt ar na ceisteanna seo. 

SCÉALTA EILE