‘Lá stairiúil a thabharfaidh misneach agus uchtach do phobail LADT tuaithe’

Beidh cuimhne go deo ar an méid a tharla an tseachtain seo caite i gCloich Cheann Fhaola, paróiste Gaeltachta in iarthuaisceart Thír Chonaill. Bhí an chéad fhéile bhróid riamh sa Ghaeltacht ar siúl ar an Fhál Carrach agus eagraíodh seachtain iomlán imeachtaí leis na sluaite a mhealladh. 

Tá seantaithí agam féin le féilte bróid, ach i mbailte móra agus cathracha a tharlaíonn siad i gcónaí. Bíonn siad corparáideach agus leamh go rímhinic. Is fearr liomsa na cinn bheaga, mar go gcuireann tú aithne ar na daoine agus na grúpaí ón phobal LADT+ atá ag maireachtáil san áit. Níor chuala mé riamh faoi fhéile Bhróid in áit atá chomh beag agus chomh hiargúlta le Cloich Cheann Fhaola. Déarfadh na diúltóirí is mó go mbíonn ceantair mar sin i bhfad níos dúshlánaí agus naimhdeach don phobal LADT+. Sin dearcadh atá réasúnta coitianta sna meáin, ach léirigh Bród na Gaeltachta a mhalairt. 

Mar fhear aerach, a rugadh agus a tógadh i Machaire Rabhartaigh, agus a fuair mo chuid meánscolaíochta i bPobalscoil Chloich Cheann Fhaola ar an Fhál Carrach, thuig mé i gcónaí gur pobal fáilteach muid, a sheasann go dlúth lena chéile. Ach bíonn díograis, tuiscint agus uaillmhian mhór de dhíth le féile mar seo a chur ar siúl, agus tá buíochas agus moladh mór tuilte ag Pól Penrose, an laoch a bhí taobh thiar den rud ar fad. Is iontach an gaisce atá bainte amach aige agus an coiste ar fad a chaith na huaireanta fada i mbun oibre sna míonna roimh ré. 

Chuir sé iontas ar gach duine nuair a fógraíodh go mbeadh Bród na Gaeltachta ar siúl. Léim sa dorchadas a bhí ann. D’fhreastail scata againn ar Bhród Inis Eoghain an mhí seo caite, ach tá Bun Crannacha i bhfad níos mó mar áit ná Cloich Cheann Fhaola. Níor ghá dúinn a bheith imníoch. 

D’fhreastail sluaite breátha ar na himeachtaí i rith na seachtaine, ach bhí an Fál Carrach plódaithe ar an Satharn, idir dhaoine a bhí sa mhórshiúl agus an lucht féachana. Bhí trí ghrúpa mhóra páirteach sa mhórshiúl é féin: baill den phobal LADT+ agus cairde an phobail le bratacha agus meirgeacha móra; an grúpa carnabhail Cosa Meata, atá an-ghníomhach sa pharóiste; agus Buíon Ceoil Mhín Doire. Bhí sé thar a bheith speisialta go raibh Buíon Ceoil Mhín Doire páirteach ann. Seinneann siad ag na mórshiúlta ar fad, agus cad chuige a mbrisfidís nós anois?

Tá crosbhealach i gcroílár an bhaile, agus tá ‘Na Croisbhealaí’ tugtha mar ainm ar an mbaile chomh maith. Bhíodh aonach ag an gcrosbhealach sin san am a chuaigh thart. Inniu, cruinníonn daoine ansin ar laethanta móra cosúil le Lá Fhéile Pádraig nó nuair a bhíonn an bua ag an gclub CLG nó an bhuíon cheoil i gcomórtas. Bhí sin i measc na rudaí ba dheise faoin lá. D’éirigh muid ar fad breá mothúchánach nuair a chonaic muid an cúpla céad daoine ag na ceithre choirneáil den chrosbhealach sin, ag tabhairt tacaíocht iontach dá muintir agus dá gcairde LADT+. 

Bhí slí measartha fada leagtha amach don mhórshiúl, ach chuidigh sin linn an t-atmaisféar dearfach a fheiceáil ar fud na háite. Bhí bratacha Bróid ar crochadh sna siopaí inar cheannaigh muid milseáin agus leabhair grinn mar pháistí, sna tithe tábhairne ina mbímis ag dul amach ó bhí muid sna déaga, agus san ollmhargadh ina mbímid ag ceannach earraí anois. Thug sé deis do roinnt mhaith daoine siúl thar a gcuid bailte féin. Bhí sin thar a bheith speisialta. Sileadh neart deora ar an lá, ach bhí craic ar dóigh ann. Tá súil agam go dtabharfaidh an lá stairiúil sin misneach agus uchtach do cheantair bheaga eile an rud céanna a dhéanamh. 

Tá Bród na Gaeltachta eisceachtúil mar gur féile ealaíona a bhí ann chomh maith. Eagraíodh seachtain iomlán imeachtaí idir an Domhnach (17 Iúil) agus an Satharn (23 Iúil), agus bhí rud éigean ann do gach duine. Bhí deis ag daoine freastal ar léachtaí, ceardlanna filíochta, dráma, ceolchoirmeacha, siúlóidí agus go leor eile. 

Beidh mé an-bhuíoch go deo an deis a fuair mé an Dr. Brian Lacey agus Izzy Kamikaze a chur faoi agallamh sa tSean-Bheairic ar an gCéadaoin os comhair slua. Is staraí é Brian Lacey, ó Bhaile Átha Cliath ó dhúchas, atá ag cur faoi i nDún Lúiche anois. Bhí sé an-bhainteach le gníomhachas LADT+ i nDoire idir na seachtóidí agus na nóchaidí. Tá aithne ar Izzy Kamikaze dá cuid feachtasaíochta i mBaile Átha Cliath ó bhí na hochtóidí ann. Bhí sí an-bhainteach le Bród Bhaile Átha Cliath a thosú amach, agus tá sí an-ghníomhach i neart feachtais faoi láthair. 

Dúirt Brian agus Izzy beirt gur laethanta dorcha a bhí sna seachtóidí, ochtóidí agus nóchaidí, ach go raibh an-chraic acu. Grúpaí beaga a bhí ar na mórshiúlta sna laethanta sin, gan mórán tacaíocht ó na meáin nó ón phobal mhór i gcoitinne. Ba phribhléid a bhí ann domsa cloisteáil faoi cé chomh deacair agus a bhí an fheachtasaíocht, faoi na hathruithe dearfacha a tharla agus faoi cé chomh tábhachtach is atá bród, ó na daoine a chur tús le bród sa tír seo. 

Mhínigh Izzy dúinn go raibh sé i bhfad níos tábhachtaí go mbeadh féilte bróid i gceantair bheaga ar nós Cloich Cheann Fhaola, mar go raibh sé de nós seanbhunaithe ag daoine LADT+ a gcuid ceantair féin a fhágáil le ceiliúradh a dhéanamh ar bhród. Rinne sí an-chur síos ar cé chomh tábhachtach is atá sé don phobal mór i gcoitinne ar fad bród a cheiliúradh, agus go mbeadh baill den phobal LADT+ feiceálach agus ceiliúrtha ina gceantair féin. 

Bhí Bród na Gaeltachta speisialta mar gur tugadh deis d’ealaíontóirí Gaelacha a gcuid ceardaíochta agus a saothar a roinnt le pobal na háite. Rinne Máirín agus Daniel De Buitléir éascaíocht ar cheardlann scannánaíochta agus chuir an file Annemarie Ní Chuireáin ceardlann fhilíochta ar fáil, mar shampla. Bhí an t-imeacht galánta – Club Bród – againn ar an Satharn, le filíocht ó Ciara Ní É, Colm Mac Gearailt, Mel Bradley agus Sam Ó Fearraigh. 

Labhair Ciara linn faoi Aerach Aiteach Gaelach, an comharghrúpa iontach le healaíontóirí Gaelacha fud fad na tíre seo agus i gcéin. Rinne Seán Ó Baoill sárjab mar fhear an tí agus bhí seit álainn againn ón amhránaí óg Ella Fitzgerald, le dioscó ina dhiaidh. Cuireadh plúr na n-ealaíontóirí os comhair an phobail don tseachtain ar fad. 

Níor bhain Bród na Gaeltachta le comhlachtaí agus brandaí móra. Bhain sé le pobal na háite agus na Gaeil ar fad. Ceiliúradh fiúntach a bhí ann ar na daoine a chuaigh romhainn agus na daoine a mhaireann inar pobail inniu. Táim an-bhródúil gur fear aerach mé agus gur fear de chuid Cloich Cheann Fhaola mé, agus bhí cluaisíní croí orm Bród na Gaeltachta a fheiceáil ag tarlú sa bhaile. Tá súil agam go bhfeicimid na sluaite céanna i gCloich Cheann Fhaola, agus na ceantair eile Ghaeltachta, do bhród sna blianta amach romhainn.