Tiocfaidh slua mór le chéile ag Aerfort na Sionainne Dé Domhnaigh an 17 Samhain chun agóid a dhéanamh in aghaidh na húsáide atá fórsaí míleata Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhaint as an mhol iompair.
Tá sé léirithe ag an suíomh nuachta The Ditch, i measc foinsí eile, go mbíonn eitleáin de chuid SAM a iompraíonn airm agus buamaí a bhíonn á n-úsáid i slad Iosrael ar an Phalaistín agus ar an Liobáin, go mbíonn na heitleáin sin ag taisteal trí aerspás na hÉireann ar bhonn leanúnach.
Os a chionn sin bíonn eitleáin chogaidh de chuid SAM ag stopadh ag Aerfort na Sionainne go rialta.
Is grúpaí éagsúla síochána agus frithchogaidh atá ag eagrú an léirsithe agus é de sprioc acu cur ina luí ar na hiarrthóirí a bheidh ag seasamh san Olltoghchán ag deireadh na míosa go gcaillfidh siad vótaí muna ndéanann siad beart chun stop a chur leis an úsáid mhíleata a bhaineann SAM as an aerfort.
“Dhiúltaigh an Spáinn le déanaí do longa cogaidh de chuid SAM a bhí ar a mbealach go hIosrael teacht chun duga,” arsa Stephen Curran ón eagras Baile Átha Cliath ar son Gaza.
“Cén fáth a bhfuil rialtas na hÉireann ag diúltú an rud céanna a dhéanamh i gcás eitleáin a bhíonn ag iompar airm chuig Iosrael le linn an chinedhíothaithe i gcoinne na bPalaistíneach?
“Táimid tar éis agóid a dhéanamh arís agus arís eile: ar na sráideanna, ag na ranna stáit, agus ag Aerfort na Sionainne roimhe seo. Ach go fóill féin, níl aon rud déanta ag rialtas na hÉireann chun deireadh a chur leis an gcomhpháirteachas seo.”
I measc na ngrúpaí taobh thiar den agóid tá Mothers Against Genocide ar dhúirt a n-urlabhraí go bhfuil Éire “100% comhpháirteach sa chinedhíothú má ligtear airm trínár n-aerspás” agus go bhfuil fuil ar lámha an rialtais dá bharr.
Tosóidh an léirsiú ag 13:00 Dé Domhnaigh agus beidh busanna ag teacht as gach cearn den tír, Baile Átha Cliath, Béal Feirste, Corcaigh agus Gaillimh san áireamh.
Is féidir tuilleadh sonraí a fháil faoin haischlib #descendonshannon ar na meáin shóisialta.