Léirsiú ar son chearta na Sámach ag Parlaimint na hIorua

Tá agóid ar siúl ag gníomhaithe Sámacha in Osló na hIorua inniu mar gheall ar ollfheirm ghaoithe a mhaíonn siad atá ag cur a modha maireachtála thraidisiúnta i mbaol.

Suite i gceantar Fosen, 450 km ó thuaidh den phríomhchathair, tá an fheirm ghaoithe ar an cheann is mó san Eoraip agus 151 tuirbín ar fad ann.

Dar leis an phobal áitiúil Sámach go bhfuil méid na feirme ag cur isteach ar na tréadaithe réinfhia sa dúiche agus nár cheart go mbeadh an t-aistriú chuig fuinneamh glas ina bhagairt ar chearta na bpobal bundúchasach, san Iorua nó áit ar bith ar domhan.

“Táimid i ndeireadh na feide,” arsa Ella Marie Hætta Isaksen, duine de na gníomhaithe agus í ag léiriú ag Parlaimint na hIorua inniu.

“Tá sé áisféiseach mar go raibh an bua ag úinéirí na réinfhianna sa chúirt cheana féin. Níl an rialtas ag tabhairt aon urraim don daonlathas.”

Tagairt a bhí sa mhéid sin don chinneadh a rinne Cúirt Uachtarach na tíre i mí Dheireadh Fómhair 2021 gur sárú ar chearta na Sámach é tógáil na dtuirbíní, ach tá an fheirm ag feidhmiú ó shin in ainneoin an rialaithe.

Is é agóid an lae inniu an beart is déanaí i sraith gníomhaíochtaí atá eagraithe ag na Sámaigh, a chaitheann a gcuid éadaí traidisiúnta agus iad i mbun léirsithe. Níos luaithe i mbliana chruinnigh siad le chéile taobh amuigh d’oifigí an Phríomh-aire Gahr Støre agus rinne siad agóid suí istigh ag an Roinn Fuinnimh chomh maith.

Tá sé admhaithe ag an rialtas go bhfuil “sárú leanúnach ar chearta daonna” ar siúl i gcás na feirme gaoithe ach níl aon bheart réitigh curtha i gcrích acu go fóill.

Leanfaidh na gníomhaithe Sámacha dá gcuid léirsithe go dtí go mbeidh toradh sásúil ar an chás.

Is iad na Sámaigh pobal dúchasach thuaisceart Chríoch Lochlann, áit a bhfuil siad le thart ar 3,500 bliain.

Grianghraf le Julian Staib.

SCÉALTA EILE