Lios na Scáth: an mhallacht ársa atá i bhfolach i mbaile fearainn Stormont

Tá post an Choimisinéara Gaeilge fógartha faoi dheireadh ó thuaidh agus tá go leor tuairimíochta i measc an phobail faoi cé a cheapfar sa ról thábhachtach faoi dheireadh an phróisis roghnúcháin.

Mar threoir do dhaoine ar mhian leo cur isteach ar an phost, tá lámhleabhar téagartha foilsithe ag Oifig an Fheidhmeannais – 43 leathanach lán le heolas cuimsitheach ar na gnéithe éagsúla a bhaineann leis an chúram.

Mar is dual do na Gaeil, ní hamháin go bhfuil suim á cur sna sonraí poist féin ach fosta i gcuid den téarmaíocht atá á húsáid sa lámhleabhar, go háirithe an logainm ‘Lios na Scáth’.

Is é ‘Baile Lios na Scáth’ an baile fearainn ina bhfuil Stormont suite, rud a fhágann go bhfuil dúchas ársa ag baint leis an ainm, ach ní hiondúil go mbaintear feidhm as sa chomhthéacs pholaitiúil.

Foilsíodh alt ar Tuairisc faoin ábhar an tseachtain seo caite agus tá plé ar siúl ar líne faoi na cúiseanna ar roghnaíodh an t-ainm áite áirithe sin seachas an leagan coitianta ‘Cnoc an Anfa’ (ar aistriúchán lom é ar ‘Stormont’ ar ndóigh), nó fiú ‘Stoirmhonadh’, leagan eile a luaitear le láthair an Tionóil ó am go chéile.

An rud ba mhó ar thug mé féin suntas dó áfach ná an chiall a bhaineann le Lios na Scáth agus na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag scéal an bhaile fearainn don Fheidhmeannas agus do stát an tuaiscirt trí chéile.

Glacaimis ‘lios’ ar dtús. Ar ndóigh brí amháin leis an fhocal ná lonnaíocht ársa, cineál de dhún nó ráth inár chónaigh daoine sna laethanta fadó. Tá ciall eile leis fosta áfach, is é sin áit dhiamhair a raibh dlúthcheangal ag an slua sí léi agus nár cheart don duine dhaonna baint di ar dhóigh ar bith.

Maidir leis an dara mír den logainm, ‘scáth’, níl aon mhíniú breise de dhíth: taibhsí, spioraid, púcaí.

Ní go fánach a bhronn ár sinsir ainm ar leith ar áit ar leith. Bhí réasún agus loighic taobh thiar dá gcinntí. Is iad tréithe sainiúla na háite, nó eachtra a tharla ar an láthair b’fhéidir, a spreag na hainmneacha a bhaist siad ar an talamh.

I gcás Bhaile Lios na Scáth tá gach cuma ar an scéal gur chreid an pobal aitiúil go raibh fórsaí osnádúrtha lonnaithe ann agus gur comhartha a bhí san ainm féin a thug le fios gur chóir caitheamh go cúramach cuí leis an lios agus leis an cheantar máguaird.

Drochthuar do Stormont a bheadh sa mhéid sin ann féin, shílfeá, ach tá a thuilleadh ann.

Ba mhór an meas a bhí ag ár sinsir ar an alltar, an réimse den tsaol nach bhfeictear de ghnáth, agus ba rímhór an urraim a thug siad do na neacha sin a bhí in ann an tairseach idir an dá shaol a thrasnú – an lucht sí, abair – agus do na láithreacha a thaithigh siad.

Bhí cumhacht an aosa sí ina cuid lárnach de chreideamh na nGael ar feadh na gcianta agus is iomaí geis a bhain leis na Daoine Maithe lena chinntiú go bhfanfadh teaghlaigh agus a raibh acu ar an taobh cheart dá ndraíocht mhistéireach.

Ceann amháin de na geasa sin ná gan teach a thógáil ar lios, nó gar do lios go fiú, ar eagla go gcuirfí isteach ar na neacha a chónaigh ann. Creideadh go láidir go mbeadh mí-ádh ag baint le haon fhoirgneamh a thógfaí ar láthair leasa, agus ba mheasa fós é dá n-úsáidfí clocha ón lios leis an teach nua a thógáil.

Ní fios cé acu a úsáideadh nó nár úsáideadh ábhar ón bhunlios nuair a thóg fear darbh ainm Samuel Jackson teach ar thailte Stormont ag deireadh an 18ú haois ach is eol gur maraíodh garmhac leis, Samuel Jackson Cleland, nuair a thit balla sa mhullach air le linn dó a bheith ag leagan seantí i mBaile Lios na Scáth in 1844.

Agus bhí idir mhí-ádh agus drochiomrá ag baint lena athair siúd, an tUrramach John Cleland, chomh maith. Dúradh faoi go raibh sé ar an duine ba mhó a raibh gráin air i gContae an Dúin lena linn, ghnóthaigh sé a shaibhreas go lochtach (saibhreas a úsáideadh le Caisleán Stormont a fhorbairt ina dhiaidh sin), ghníomhaigh sé i gcoinne na nÉireannach Aontaithe agus rinneadh iarracht é a dhúnmharú in 1796.

Ní tús dearfach ámharach a bhí ag Eastát Stormont, ná baol air, mar sin, agus ní féidir a rá gur tháinig mórán feabhais air ina dhiaidh sin.

Is i gCaisleán Stormont a lonnaíodh rialtas nua Thuaisceart Éireann in 1922, rialtas seicteach leithchealach a raibh míchlú na claontachta agus na brúidiúlachta air. Ansin 10 mbliana ní ba dhéanaí tógadh Foirgnimh na Parlaiminte, áitreamh ceannasach so-aitheanta Stormont nach bhfuil ach dornán méadar ar shiúl ón áit ar aimsigh seandálaithe fothrach seanleasa.

(Ba chóir go mbeadh na cloig aláraim ag dul faoin am seo.)

Cuireadh rialtas an stáitín ar ceal in 1972 de bharr mhíriail na n-údarás aontachtach ach lean an drochrath ar aghaidh. Bunaíodh feidhmeannas comhroinnte cumhachta in 1973 mar iarracht cearta comhionanna a thabhairt don phobal dúchais náisiúnach ach bhain oibrithe aontachtacha, le tacaíocht na bparaimíleatach dílseach, an bonn den chéad Tionól sin an bhliain dár gcionn.

Tugadh faoi Thionól eile ag Stormont i dtús na 1980idí ach theip air sin chomh maith.

Is gá aitheantas a thabhairt don dul chun cinn stairiúil a rinneadh a bhuí le Comhaontú Aoine an Chéasta, a d’fhág go rabhthas in ann feidhmeannas comhroinnte cumhachta a chur ar bun arís in 1998, ach i ndáiríre is go stadach a ghníomhaigh an Tionól go dtí 2002, tráth a cealaíodh athuair é.

Bhí tréimhse rathúil go leor ag institiúidí Stormont idir 2007 agus 2017, is é sin le rá go raibh siad ar an fhód ar a laghad, ach thit an tóin as an Tionól arís ocht mbliana ó shin agus is i dtreallanna guagacha atá sé ag feidhmiú ó shin.

Mar sin de is liosta le háireamh iad na teipeanna agus na deacrachtaí agus na mífhortúin atá ceangailte le tailte Stormont le 250 bliain anuas.

Ní féidir a mhaíomh go bhfuil aon chúis shonrach amháin leis an mhí-rath ach cuireann brí bhunainm an bhaile fearainn cor breise i scéal na háite.

Scriosadh lios, tógadh foirgnimh, briseadh geis. Déarfadh ár sinsir gur mallacht an toradh a bheadh ar a leithéid de ghníomh. Bheinn féin ag teacht leo.

Lena chois sin, thig linn amharc ar an lios mar shiombail den chultúr dúchais, cultúr ar caitheadh go tíoránta leis agus a ndearnadh an-dochar dó. Cultúr a cuireadh faoi chois ach nach rabhthas in ann an spiorad ina cheartlár a chloí riamh.

Fearacht na Gaeilge í féin, rinneadh iarracht an lios a scriosadh agus gach rian d’oidhreacht na ndaoine a thóg é a ghlanadh de dhroim an Domhain.

Ach d’fhan fuinneamh an leasa sa talamh féin go dtí go dtiocfadh an t-am lena cheann a thógáil arís agus an éagóir a rinneadh ar na seandóigheanna a leigheas. Bhí an dúchas ann i gcónaí faoi dhúshraith an chórais leatromaigh a d’fhéach lena stoitheadh, ach is é an córas é féin atá ag seargadh anois ina ionad.

Go deimhin, tá sé sin ar cheann de na teachtaireachtaí atá ag taibhsí Lios na Scáth dúinn: gur mithid na héagóracha stairiúla a chur ina gceart agus aitheantas cuí iomlán a thabhairt don chultúr dúchais. Céim eile ar an bhóthar thábhachtach sin é ceapadh an Choimisinéara Teanga don Ghaeilge.

Teachtaireacht eile atá le baint as an scéal ar fad – idir an mhallacht ársa agus an taithí reatha – ná nach mbeidh fíor-rath ar an sciar d’Éirinn a bhfuil Stormont i gceannas air go dtí go n-aithneofar sláine na talún í féin. Ar nós Lios na Scáth, tá cneá ar thalamh an oileáin is gá a leigheas, goin ar an Mháthairchruinne is gá a chneasú ar mhaithe le todhchaí níos gile a chothú do gach duine againn a chónaíonn anseo.

Sin í an ghairm chun gnímh, chun athmhuintearais, chun athcheangail atá ag teacht chugainn ón alltar. Is iad scáthanna doininne a bheas os cionn Chnoc an Anfa go dtí go ndéanfar amhlaidh.

Agus fiú nuair a thiocfas an lá geal sin, nár dhéana muid dearmad meas a léiriú ar na Daoine Maithe i gcónaí.

SCÉALTA EILE