Liú Lúnasa 2016 – Ag tógáil na poblachta

Samhradh iontach dearfach a bhí ann ó thaobh fhéilte na Gaeilge de agus níos mó beochta ná riamh le mothú i saol sóisialta na nGael i neart áiteanna fud fad na tíre.

I measc na mbuaicphointí sin bhí Liú Lúnasa, féile a d’eagraigh Gaeil óga i mBéal Feirste an mhí seo caite ar bhonn deonach ar fad.

Anseo tugann Feargal Mac Ionnrachtaigh léargas ar thionchar agus ar impleachtaí an togra nua thábhachtaigh seo.


Nuair a scríobh fealsúnaí na heagnaíochta, Jean-Jacques Rosseau, fán phoblachtánachas agus fán tsaoránacht thiar i ré na réabhlóide sa Fhrainc, labhair sé fá ‘suáilce shibhialta’ agus ‘macántacht pholaitíochta’ agus é ag moladh go mbeadh saoránaigh toilteanach ‘féin-íobairt’ a dhéanamh ar son an ‘leasa choitinn’ seachas sinn a bheith spreagtha ag féinleas agus féinspéis.

Bhí blaiseadh láidir den fhoclaíocht agus den smaointeoireacht sin le mothú níos cóngaraí don bhaile anseo in Éirinn beagnach 130 bliain níos faide anonn i 1916 nuair a scríobh baicle réabhlóidithe Forógra na Poblachta agus iad ag dearbhú os comhair an domhain mhóir go raibh siad sásta féin-íobairt a dhéanamh ar son an ‘leasa choitinn’ agus iad ag fógairt buille míleata ar son na saoirse.

Taobh thiar den fhoclaíocht, ar ndóigh, bhí idé-eolaíocht fhuascailteach atá mar spreagadh ag glúnta de dhíograiseoirí forásacha ó shin i leith, ina measc cuid mhaith daoine a d’imir ról claochlaitheach in athbheochan na Gaeilge.

ocadhain

Is í an idé-eolaíocht seo a spreag Máirtín Ó Cadhain nuair a bunaíodh Muintir na Gaeltachta chun cearta sibhialta agus eacnamaíochta a bhaint amach do na Gaeil ba bhoichte sna 1930í agus é ag tabhairt aghaidh ar fhimíneacht an tsaorstáit nuachoilínigh.

Is í an bhunaidhm chéanna a bhí mar spreagadh le bunú an ghrúpa feachtasaíochta Misneach sna 1960idí a chuir cearta phobal na Gaeilge agus teip na hathbheochana oifigiúla i gcroílár an dioscúrsa phoiblí athuair.

D’eascair feachtas cearta sibhialta na Gaeltachta ón mhogalra feachtasaíochta seo agus tháinig sciar de Ghaeil óga Bhéal Feirste fá dhea-thionchar Uí Chadhain agus iad ag beartú Gaeltacht uirbeach dá gcuid féin a thógáil i dtrátha an ama seo.

Bhí fealsúnacht an fhéinchuidithe agus na féinmharthanachta ag muintir Ghaeltacht Seoighe agus chothaigh sí sin meon na fuascailte sna díograiseoirí seo a léirigh nárbh éigean dóibh bheith spleách ar an stát agus go dtiocfadh leo gníomhú go dearfach chun a gcinniúint agus a dtodhchaí féin a mhúnlú.

Is fríd an phróiseas dhaonlathach, rannpháirteach seo a d’fhorbair braistint na húinéireachta agus an chumhachtaithe iontu, rud a thug muinín dóibh forbairtí eile a shamhlú.

liuado

Tugann an teoiricí oideachais ón Bhrasaíl, Paulo Freire, ‘transforming action’ air seo, agus spreag sé muintir Bhóthar Seoighe le Sráid Bombay a atogáil nuair a dhóigh dílseoirí go talamh é i 1969, gan trácht ar Ionad Tionsclaíochta na Carraige Báine, Garáiste an Phobail agus Nuachtán Bhaile Andarsain a d’fhás ón tonn fuinnimh Fheirsteach seo go gairid ina dhiaidh sin.

Is sa Cheis Fhada a d’fhoghlaim an cime poblachtánach Bobby Sands fá na hiarrachtaí seo agus spreagadh é láithreach chun pinn, é ag moladh do dhaoine eile ar an taobh amuigh an dea-shampla a leanúint.

Thuig Bobby go raibh réabhlóid shóisialta agus chultúrtha ar bun ag muintir Bhóthar Seoighe a bhí ag teacht leis an mhéid a léigh sé fán phoblachtánachas go stairiúil agus go hidirnáisiúnta agus é faoi ghlas ag Gall.

Bhí sé tógtha go mór le scríbhinní an mhairtírigh phoblachtánaigh-shóisialaigh Liam Ó Maolaíosa a dúirt ‘the government and ideals of the republic is and must always be made a reality, wherever we stand’.

Thuig Sands go raibh an phoblacht á tógáil ag muintir Ghaeltacht Seoighe.

Sa 6 mhí dheireanacha a chaith sé saor ar an taobh amuigh i gCill Uaighe sular fhill sé ar an Cheis Fhada, threabh sé an gort céanna, ag bunú comharchumainn, féile áitiúil, naíscoil Ghaeilge, comhar creidmheasa agus an iliomad eile agus é ag tógáil na poblachta.

Bhí fealsúnacht an fhéinchuidithe le mothú go tréan ar na mallaibh in iarthar Bhéal Feirste agus Féile Liú Lúnasa faoi lán seoil.

Is Gaeil óga, ag obair ar bhonn deonach, a shamhlaigh agus a d’fhorbair fís na féile seo agus iad ag aithint bearna shonrach maidir le hinfreastruchtúr agus mogalra sóisialta i saol na Gaeilge.

muileann

Ní hamháin gur tugadh spás agus ardán do cheoltóirí agus bannaí ceoil óga úra trí chóisireacht shultmhar spleodrach, bhí doimhneacht pholaitíochta le sonrú sa chlár fosta a bhí pacáilte le díospóireachtaí agus léachtaí a phléigh le cúrsaí staire agus fealsúnachta, sláinte agus aclaíocht, filíocht, ceisteanna patrarcachta agus inscne, polaitíocht idirnáisiúnta agus rudaí eile nach iad.

Bhí cur chuige cumhachtaithe ón bhun aníos le mothú sna himeachtaí seo a raibh seilbh agus úinéireacht iomlán ag Gaeil óga orthu agus ar gach rud a thit amach thar 5 lá speisialta.

Bhí atmaisféar sainiúil agus dearfacht thógálach sna spásanna neamhspleácha a thóg lucht na féile a chuaigh i bhfeidhm ar gach duine a fuair spléachadh ar na himeachtaí.

Bhí sé suntasach go raibh blaiseadh den dúchas nasctha go nádúrtha le hidirnáisiúnachas Eorpach. Bhí tionchar ár gcomrádaithe in Euskal Herria, a eagraíonn féilte óige agus pobalbhunaithe den chineál seo minic, le mothú fosta.

liueile

Agus an cheathrú Ghaeltachta iomlán maisithe le meirgí dathúla lámhdhéanta, thug Liú Lúnasa luathbhlianta Fhéile an Phobail chun cuimhne – an chumhacht ainrialach, spontáineach, chruthaitheach chéanna scaoilte saor.

Lena chois, bhí spiorad frithbheartaíochta taobh thiar den fhéile a chruthaigh frithchultúr fuinniúil, ailtéarnach a thug dúshlán an mhórchultúir cheannasaigh agus na hidé-eolaíochta nualiobrálaí atá anuas orainn go laethúil.

Sa chaoi seo, is ag leanúint traidisiún s’againn an díchoilínithe agus na hathghabhála a bhí muintir Liú Lúnasa, agus ní mór dúinn bheith thar a bheith buíoch don ghlúin úr seo as dóchas agus misneach a thabhairt dúinn agus iad ag tógáil na poblachta.


Foilsíodh an t-alt seo ar bhlag Fheargail ‘feargalmac.org‘. 

SCÉALTA EILE