Tá geansaithe agus léinte ar díol ag Féile na Gealaí i mbliana a thacóidh le muintir na Palaistíne agus an chabhair dhaonnúil atá de dhíth orthu de dheasca an léigir ar Gaza. Cuirfear 20% den teacht isteach ó dhíol na n-earraí i dtreo iarrachtaí daonnúla a thacóidh leis na milliúin daoine atá ag fulaingt de bharr na forghabhála faoi láthair.
Is í an Aoine, an 24 Samhain, lá deiridh an díolacháin. Is féidir na hearraí thuasluaite a cheannach anseo.
Ní Féile na Gealaí amháin atá ag tiomsú airgid agus á chur i dtreo na Palaistíne. Tá an chomhghuaillíocht, Ealaíontóirí Éireann don Phalaistín, ag reáchtáil imeachtaí fud fad na tíre chun airgead a bhailiú fosta. Beidh an comharghrúpa ag obair i gcomhpháirt le leithéidí Féile an Phobail, Palestinian Children’s Relief Fund, agus eile chun na himeachtaí seo a chur ar siúl.
Tiocfaidh an iliomad amhránaithe le chéile mar chuid den tiomsú airgid seo ina mbeidh Lankum, Damien Dempsey, Kneecap, Gráinne Holland agus tuilleadh eile ag seinm agus ag ceol.
Tá ticéid ar díol go fóill anseo.