Meitheal Misneach i gCorca Dhuibhne

Beidh baill na heagraíochta Misneach ag teacht le chéile i nGaeltacht Chorca Dhuibhne an deireadh seachtaine seo don chruinniú bliantúil ‘Meitheal Misneach’ — cruinniú a bhíonn á reáchtáil ag an ngrúpa feachtais i gceantair éagsúla Ghaeltachta. 

Na dúshláin atá roimh Ghaeltacht Chorca Dhuibhne agus “mórthioblóidí eile” ar nós géarchéim na dteifeach agus géarchéim na timpeallachta a bheidh faoi chaibidil in Ionad Oidhreachta Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh an deireadh seachtaine seo agus súil ag lucht eagraithe an chruinnithe le hionadaithe agus gníomhaithe ó gach cúige in Éirinn in iarthar Chiarraí. 

Dúirt urlabhraí de chuid Mhisneach Chúige Mumhan, Séamus Barra Ó Súilleabháin, gur deis iontach í Meitheal Misneach “nasc a thógaint idir an ghluaiseacht idirnáisiúnta agus pobal misniúil Chorca Dhuibhne”.

Mhaígh Séamus go bhfuil Misneach “os cionn a bhuille” le blianta beaga anuas agus an eagraíocht i mbun feachtas éagsúil ar son na Gaeltachta. 

“Níl srian ar bith orainn mar eagraíocht toisc ná tógaimid aon mhaoiniú stáit ach sinn ag troid agus ag tógaint as ár stuaim fhéinig ón dtalamh aníos. Creidimid go diongbháilte gurb é cás na Gaeltachta an gad is giorra don scornach dos na Gaeil, agus gur féidir éachtaí a dhéanamh dár bpobal ach an fód a sheasamh agus troid chun tír atá níos cothroime a bhaint amach, tír ina gcuirtear luach ar dhaoine in áit bhrabús lucht an rachmhais. 

“Beidh deis againn ag an Meitheal so an chéad chéim eile nár bhfeachtas ar son na Gaeltachta agus go leor eile a phlé. Beidh ceardlanna praiticiúla ann faoi scileanna cumarsáide, aoichainteoirí as an áit, chomh maith le seisiún ceoil i dtigh an tSaoránaigh istigh,” a dúirt sé. 

Cuirfear tús tráthnóna leis an ócáid agus caint le tabhairt ag an staraí áitiúil Dáithí de Mórdha faoi na dúshláin agus féidearthachtaí atá ann do Chorca Dhuibhne ag 20.00 in Ionad Oidhreachta Chorca Dhuibhne. Tabharfaidh Orlaith Ruiséal caint uaithi ag meán lae amárach faoi na bealaí is féidir an teanga a thabhairt ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile sa nGaeltacht. 

Tráthnóna amárach beidh ceardlann ann faoi fhíseáin phoiblíochta a dhéanamh do lucht feachtais agus ‘ceardlann smaointeoireachta’ faoi ghéarchéim na dteifeach agus ‘dualgas na nGael’ ina leith. 

Beidh caint eile ann ó Iarla Ó Murchú faoi thógáil tithe agus a thaithí sa nGaeltacht agus beidh plé straitéiseach ann dar teideal ‘Feachtas ar son na Gaeltachta nó feachtas tuaithe i gcoitinne?’.

Is i dTigh an tSaoránaigh a bheidh an tsiamsaíocht ar fáil agus ceoltóirí amhránaithe na háite istigh ar feadh na hoíche. 

 Cuirfear clabhsúr leis an deireadh seachtaine le siúlóid treoraithe timpeall Chorca Dhuibhne ag meán lae Dé Domhnaigh. 

SCÉALTA EILE