‘Misneach, Fís, Uchtach’: Ciarán Mac Giolla Bhéin ar Uachtaránacht an Chonartha

Ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2025, a reáchtáladh in Óstán Whites’ i mBaile Loch Garman ó 21-23 Feabhra, toghadh Ciarán Mac Giolla Bhéin mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge. Is é an 37ú hUachtarán ó bunaíodh an Conradh, agus is é an chéad Fheirsteach leis an teideal a ghlacadh ó bhí Gearóid Ó Cairealláin sa ról idir 1995 agus 1998.

As Baile Uí Mhurchú ó dhúchas, teagascadh Ciarán Mac Giolla Bhéin sa chóras Gaeloideachais i gcroílár an fheachtais athbheochana in Iarthar Bhéal Feirste.  Chaith sé na blianta ag obair mar ghníomhaí pobail ar son cearta teanga, mar bhainisteoir abhcóideachta leis An Dream Dearg, agus faoi láthair, eagraíonn sé meitheal mheantóireachta tríd an líonra pleanála teanga, Fís an Phobail, a sholáthraíonn oiliúint do dhaoine a oibríonn san earnáil phoiblí Gaeilge.

Tar éis na hArd-Fheise, labhair Ciarán le NÓS faoi cad é mar a mhothaíonn sé agus cad atá i ndán don Chonradh sna blianta amach romhainn.

NÓS: Cad é mar a mhothaíonn tú agus tú anois tofa mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus pobal na Gaeilge fud na tíre do do cheiliúradh?

Ciarán Mac Giolla Bhéin: Déanta na fírinne tá mé ar bís a bheith tofa mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Tá mé féin ar bhonn pearsanta ag plé leis an Chonradh le breis agus 20 bliain anuas. Bhí mé ar an Choiste Gnó timpeall 2005. Bhí mé ag obair leo mar bhainisteoir abhcóideachta nuair a osclaíodh an oifig i mBéal Feirste den chéad uair in 2014 agus chaith mé cúig bliana ansin. 

Is eagraíocht speisialta é an Conradh dar liom. Go stairiúil in Éirinn, agus ar bhonn comhaimseartha chomh maith, sílim go bhfuil muid in áit iontach láidir. Tá foireann den scoth thuaidh theas, thoir is thiar ag an Chonradh agus tá rudaí móra ag dul a bheith ag titim amach anseo i mBéal Feirste go háirithe. Tá Oireachtas na Samhna ag teacht, beidh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge agus Fleadh Cheoil na hÉireann anseo ar an bhliain seo chugainn. 

Chuige sin, mhothaigh mise agus is léir, daoine eile, go raibh sé tábhachtach go raibh Feirsteach sa diallait don tréimhse seo amach romhainn. Tá mise ar bís go raibh muinín ag na baill ionam chun mé a cheapadh. Dar ndóigh, bhí tréimhse thar a bheith gnaitheach ann ó shin ach thuig mé go dtagann sin leis an chríocha seo.

Bhásaigh an tUachtarán deiridh as Béal Feirste, Gearóid Ó Cairealláin, roimh an Nollaig. Is tusa an chéad Uachtarán as Béal Feirste le 30 bliain anuas. An bhfuil oidhreacht ar leith atá tú ag iarraidh a thabhairt leat nó an bhfuil d’oidhreacht féin á leagan síos agat?

Cinnte dearfa, is laoch mór de mo chuid é Gearóid. Dar ndóigh, ní bheinn anseo, ní bheinn i m’Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge agus is dóiche nach mbeadh Gaeilge agam murach Gearóid. D’imir seisean ról claochlaitheach i dtaobh forbairt na Gaeilge i mBéal Feirste. Is mar gheall ar Ghearóid agus a chomhaoisigh go bhfuil Coláiste Feirste ann, go bhfuil an Chultúrlann ann. D’fhreastail mé féin ar an scoil, sin áit ar fhás mé aníos. 

Thar aon ní eile, sílim gur léirigh Gearóidh ní hamháin go bhfuil fealsúnacht, fís, idé-eolaíocht, agus gluaiseacht náisiúnta abhcóideachta de dhíth, ach muna bhfuil sin ar fad bunaithe ar ghníomhaíochas áitiúil, muna bhfuil tú ag tógáil infreastruchtúr áitiúil, níl aon rud á thógáil agat. Sin go díreach an rud a rinne Gearóid agus tá súil agam go dtagaim ón chultúr chéanna. Dar ndóigh, tá baint agam le feachtais ar nós An Dream Dearg agus feachtais náisiúnta eile ar son na Gaeilge. 

Cuirim an-bhéim ar chúrsaí fealsúnachta agus eile ach ní fiú sin ar chor ar bith muna bhfuil muid ag tógáil tionscadal. Rinne an ghlúin s’agam iarracht tionscadail a thoiseacht a thógann ar an oidhreacht shaibhir a d’fhág Gearóid agus a chomhaoisigh.

Mar a tharlaíonn sé, 30 bliain atá ann ó toghadh Gearóid. Bhí ceisteanna móra teanga ag teacht chun tosaigh sna 1990idí agus sheas Gearóid isteach. Mhol sé don Chonradh a bheith radacach, a bheith neamheaglach, mar is dual do shinsir na heagraíochta. Sílim go bhfuil sin tábhachtach dúinn, na moltaí sin a bhí aige a chur i gcrích.

Tá sé fógartha go bhfuil Rialtas an Breataine leis an Phéindlí deireanach a aisghairm, a thabharfaidh cead do dhaoine úsáid a bhaint as an Ghaeilge agus teangacha eile nach Béarla iad sa chúirt. Cad é do mheas ar an chéim chun tosaigh seo?

Bhí céim shuntasach stairiúil chun tosaigh maidir le haisghairm an Phéindlí deiridh. Sílim go bhfuil sé tábhachtach mar Ghaeil, mar phobal, go bhfuil deis againn an Ghaeilge a úsáid in achan réimse den saol agus ciallaíonn sin sa chóras dlí fosta. Rinneadh go leor argóintí faoi seo thar na blianta agus. 

Mar a tharlaíonn sé, nuair a bhí an dream a bhí in éadan na haisghairme seo ag déanamh na n-argóintí, shamhlaigh siad i gcónaí gur na daoine os comhair na cúirte a bheadh sna Gaeil, níor shamhlaigh siad na Gaeil mar bhreithimh, mar dhlíodóirí nó mar abhcóidí ach dar ndóighe, tá na Gaeil in achan réimse den tsochaí agus ba chóir go bhfreastalaítear orthu. Bíodh siad os comhair na cúirte nó bíodh siad ina mbreitheamh agus achan rud idir an dá rud. 

Sílim go leagann seo amach an comhthéacs ina bhfuil muid ag labhairt faoi athbheochan na Gaeilge trí chéile agus go minic tá sin in easnamh ón dioscúrsa maidir leis an teanga agus cearta teanga sa lá atá inniu ann. An fáth go bhfuil athbheochan de dhíth, an fáth go bhfuil cearta teanga de dhíth, an fáth go bhfuil tacaíocht stáit de dhíth ná mar gheall ar an chos ar bolg leanúnach thar na céadta blianta, mar gheall ar an choilíniú chultúrtha a rinneadh sa tír seo agus tá muid go fóill ag plé le hoidhreacht agus tionchar an choilíneachais. Is mar gheall air sin go bhfuil an tacaíocht bhreise nó an t-aitheantas breise seo de dhíth. 

Má amharcann muid, mar shampla, ar an chóras Gaeloideachais, brúdh sin ar an imeall, diúltaíodh stádas, diúltaíodh aitheantas. Tá 60% dár scoileanna i bhfoirgnimh mhíchuí go fóill. Nuair a dhéanann muid argóint faoin Ghaeloideachas anois, níl muid ar lorg comhionannais, tá muid ar lorg tacaíocht bhreise mar gheall gur brúdh muid amach roimhe seo. Sin an argóint chéanna a dhéanann muid le gach réimse den teanga anseo. Cuireadh ar an imeall muid, rinneadh ina teanga mhionlaithe í. Bhí próiseas ann a rinne mar mhionlach muid sa tír seo agus go dtí go n-aithnítear sin, beidh sé doiligh bogadh chun cinn mar shochaí. Nuair a thugtar an t-aitheantas, mar a tharla leis an aisghairm, sílim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach agus gur fiú é a cheiliúradh. 

Mar fhocal scoir air seo ar fad, níor tharla seo mar gheall gur chinn siad siúd i gcumhacht go raibh sé thar am, i ndiaidh beagnach 300 bliain, an dlí biogóideach seo a aisghairm. Tharla seo mar gheall ar fheachtais ón bhun aníos, mar gheall gur thiomáin gníomhaithe teanga seo mar chuid d’fheachtas uilíoch ar son cearta, cothromas, agus cóir faoi choimirce An Dream Dearg. Mar mholadh arís, bhí muid ag tógáil ar obair na gcapall a rinne daoine eile roimhe seo thar na blianta fada. Tagraím go háirithe don chás a thóg Caoimhín Mac Giolla Catháin ón ghrúpa ceoil iontach, Bréag, sna 1990idí. Níor éirigh leis an chás sin mar gheall ar an easpa stádas a bhí ag an Ghaeilge sa reachtaíocht anseo ach tá athrú air sin anois agus is cúis mhór ceiliúrtha é dár bpobal.

Cad iad na saincheisteanna is mó nó is tábhachtaí a mbeidh tusa ag iarraidh go bpléifidh Conradh na Gaeilge agus an Coiste Gnó leo agus tú sa ról?

Tá go leor dúshlán romhainne mar phobal ar fud na tíre. Tagraím don Ghaeltacht go háirithe. Tá titim ar líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla sa Ghaeltacht, tá géarchéim tithíochta ann, tá deacrachtaí móra maidir le hinfheistíocht atá de dhíth i dtaobh cúrsaí pleanála teanga. 

Taobh amuigh den Ghaeltacht san iarGhaeltacht ó dheas, tá titim ar líon na bpáistí atá sa chóras Gaeloideachais, rud atá damanta. Tá géarchéim maoinithe ann mar gheall ar chiorruithe Foras na Gaeilge, agus tá muidne anseo ó thuaidh, ina ainnneoin sin, ag dul chun cinn. Tá muid go fóill ag fanacht le ceapachán coimisinéara agus le straitéis Ghaeilge. Cearta bunúsacha a gealladh dúinn roinnt blianta ó shin. Caithfidh muid dul i ngleic leis na dúshláin sin ar fad ach is dócha, domsa sa ról, seachas díriú isteach ar aon cheist eile, gur mithid dúinn gluaiseacht a thógáil atá in ann dul i ngleic leo. 

Is cuma cé chomh saineolach atá muid maidir le rátaí fostaíochta sa Ghaeltacht, nó rátaí iontrála sa chóras Gaeloideachais. Is féidir linn na hargóintí is fearr ar domhan a dhéanamh bunaithe air sin agus dar ndóigh bheadh loighic agus ciall leo, ach muna bhfuil gluaiseacht againn a chuireann brú ar an chóras pholaitiúil agus ar na hinstitiúidí thuaidh theas, ní éireoidh linn. Sin an ceacht mór a bhí againne anseo ó thuaidh agus ba mhaith liom cibé tionchar is feidir liomsa a úsáid i gcomhar le daoine eile, nó níl ionam ach duine mar chuid de ghluaiseacht i bhfad Éireann níos leithne, agus ba mhaith liom an guth atá agam a úsáid chun gluaiseacht a chothú ar bhonn náisiúnta a thugann misneach, fís agus uchtach dúinn uilig gur feidir linn dul i ngleic leis na ceisteanna seo.

SCÉALTA EILE