Tá cluiche nua cártaí, ‘Fierce Women’, forbartha ag foireann ban sa gCróit a bhfuil sé mar aidhm acu “mná fíochmhara” ón stair a chur os comhair an tsaoil mhóir. Thosaigh lucht a dheartha feachtas ar líne leis an airgead a theastaigh uathu chun an cluiche a fhorbairt — os cionn $20,000 — a bhailiú. Sáraíodh an sprioc sin agus táthar ag súil anois go mbeidh an cluiche ar fáil faoi thús an tsamhraidh.
Rinneadh 1,000 cóip den “chluiche inspioráideach do gach glúin” agus ceiliúrtar éachtaí ban éagsúil a chuir leis an tsochaí ann. Bhí sé mar aidhm ag lucht a dhéanta cluiche “oideachasúil” a chruthú a d’aistreodh ceist an chothromais inscne ó réimse na polaitíochta go dtí an gnáthshaol agus a chuirfeadh ar bhain na mná a luaitear ar na cártaí amach os comhair an tsaoil.
Ainmníodh an cluiche as rannóg ar an suíomh VoxFeminae.net a chuireann an obair a rinne mná ar son na sochaí tríd an stair chun cinn. Maíonn lucht a dhéanta gurbh fhíor don scríbhneoir Virginia Woolf nuair a scríobh sí gur bhean a bhí i gceist leis an ainm “Anaithnid” i gcúrsaí staire.
“Fíoraítear focail Virgina Woolf gach uair a iarrtar ar dhuine cúigear fisiceoirí, stiúrthóirí nó fealsúna ar mhná iad a ainmniú. Is é an sprioc atá ag Fierce Women na steiréitíopaí agus na réamhchlaontaí i leith na mban maidir lena spéiseanna, a gcumas agus a bhfuil bainte amach acu a bhriseadh agus a gcuid oibre a thabhairt chun solais sa gcaoi is go gcabhrófar le glúnta nua de mhná fíochmhara,” a dúradh.
Chruthaigh ochtar ealaíontóirí ban as an gCróit, Sanja Stojković, Rina Barbarić, Tea Šokac, Željka Tkalčec, Ana Kovačić, Ivana Štrukelj, Branka Hollingsworth agus Nataša Rašović, an cluiche i gcomhar leis an scríbhneoir agus ríomhchláraitheoir Želimir Periš.
Tá 56 cárta ann agus léaráid agus beathaisnéis orthu de “mhná fíochmhara” a chuir go mór leis an domhan i réimse na n-eolaíochtaí, na polaitíochta, na ndán, chearta an duine agus an chultúir. I measc na mban a bheidh ar na cártaí, beidh Angela Carter, Clelia Mosher, Rosa Parks, Kate Bornstein, Annie Jump Campion agus go leor eile nach iad. Tá ocht gcárta “gnímh” eile ann a úsáidtear chun an cluiche féin a imirt. Féadfaidh idir beirt agus cúigear an cluiche a imirt agus tá rialacha simplí ann a fhágann gur furasta do dhaoine óga é a imirt freisin.