Mná Loch Laoi

Beidh imeacht suimiúil ‘Cad é a chiallaíonn Feimineachas duit?‘ ar siúl i gCultúrlann Mac Adam Ó Fiach, Béal Feirste, anocht ag 7in, a thabharfaidh mná le chéile chun a gcuid tuairimí a roinnt faoi chúrsaí feimineachais.

Is spéisiúil go raibh an cheist chéanna á plé ag painéal ban ar chlár Bhláthnaid Ní Chofaigh, ‘Bláthnaid Libh’, a craoladh maidin Dé Sathairn ar RnaG mar chuid de cheiliúradh Nollaig na mBan.

Caint ionraic, oscailte a bhí ar siúl ag an ghrúpa agus iad ag díriú ar ghnéithe éagsúla den saol, idir cúrsaí oibre, tógáil páistí, aois, brúnna sóisialta agus eile.

Is í Bláthnaid féin a chuir tús leis an chomhrá faoi fheimineachas.

Dúirt sí gur cuireadh ina leith í cúpla uair ar na meáin shóisialta gur “Feiminazi” í.

“Is aisteach an focal é an focal i mBéarla,” ar sí.

“I mo thuairim-se go pearsanta, ní drochrud é, ní rud náireach é, ach mar sin féin tá sé feicthe, (a Réaltáin), mar rud diúltach. ”

Leis sin, bhain Réaltán Ní Leannáin – scríbhneoir aitheanta Gaeilge a bhí páirteach sa chaint- a bróg di ar aer agus í den tuairim go bhfuil sé chomh maith ag mná filleadh ar an chistin, “cos nocht”, má tá fhadhb acu le feimineachas.

“Ní thuigim an rud seo atá ag daoine in éadan feimineachais,” ar sí “agus cén eagla atá orthu go bhfuil guth agus glór ag mná.”

Ceist í a bheas á cíoradh ag mná Bhéal Feirste anocht.

“Sílim go bhfuil daoine i ndiaidh drochrud a dhéanamh as an bhfocal feimineachas,” arsa Katie McGreal, craoltóir Raidió Fáilte atá ag eagrú an imeachta i dteannta Fhionnghuala Nic Roibeard, bunaitheoir Gréasán Feimineach Bhéal Feirste.

“Domsa go pearsanta ciallaíonn feimineachas comhionannas do gach duine. Táim ag siúl go mór le tuairimí daoine eile a fháil ar an gceist seo,” ar sí.

Tús le comhrá tábhachtach atá sa chéad chéim seo, dar le Katie.

Tá siad beirt ag súil go n-eascróidh grúpa feimineach Gaelach as, atá “fiúntach agus gníomhach” a théann i ngleic leis na constaicí a bhíonn ag mná sa chathair.

Deis cainte do na mná atá ann agus ní bheith fáilte roimh fhir ag an chruinniú ag an phointe seo.

“Chonaic mé go raibh gá leis an imeacht seo mar go raibh mé ag freastal ar chruinnithe, ar chainteanna agus ar imeachtaí Gaeilge eile i mBéal Feirste agus ní fhaca mé mórán ban a bheith á n-eagrú, ná a bheith páirteach.”

Creideann Katie gur easpa muiníne a chuireann bac le mná a nglór a chur chun cinn agus is ardán é a thabharfaidh deis do mhná a gcuid tuairimí a chur i láthair.

“Níl muid ag iarraidh go mbeimid scartha ó na fir ach faoi láthair níl muid láidir go leor mar fheachtas feimineachais le ligean do na fir suí isteach ar an bplé.

“Tá fáilte roimh bhean ar bith, fiú mura bhfuil a fhios aici céard a chiallaíonn feimineachas di féin ag an bpointe seo.”

SCÉALTA EILE