Tabharfaidh eagarthóir na hirise seo Maitiú Ó Coimín faoin turas mór rothaíochta ‘Mór-Chuaird Chiarraí’ ag tús na míosa seo chugainn agus airgead á bhailiú aige do Tharrtháil na Beannaí, seirbhís bád tarrthála atá lonnaithe i gCuan Thrá Lí i dtuaisceart Chiarraí.
Tá os cionn €400 bailithe ag Maitiú ar son an charthanais go dtí seo, airgead a rachaidh caol díreach go Tarrtháil na Beannaí agus a chabhróidh leis an tseirbhís bádóirí, snámhaithe, agus úsáideoirí eile uisce a choinneáil sábháilte ar chósta an iardheiscirt. Bunaíodh Tarrtháil na Beannaí in 1983 i ndiaidh do dhá thubaiste titim amach ar chósta Chiarraí. Ó shin i leith tá siad tar éis teacht i gcabhair ar dhaoine os cionn 240 uair agus tá 67 duine tugtha go slán sábháilte abhaile acu. Tá an carthanas ar cheann na de heagraíochtaí atá roghnaithe ag lucht eagraithe an turais rothaíochta i mbliana agus tá súil acu cabhrú leis an tseirbhís bád nua tarrthála a cheannacht.
Beidh Maitiú ar dhuine de 8,000 rothaithe a thabharfaidh faoin turas 170km trí Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh i ndeisceart an chontae. Táthar ag súil go mbaileoidh na rothaithe os cionn €1,000,000 do na carthanais atá ainmnithe ag Ring of Kerry Charity Cycle, Tarrtháil na Beannaí ina measc. Cuirfear tús leis an turas i gCill Airne agus gabhaidh na rothaithe as sin siar go Cathair Saidhbhín, ó dheas go Cathair Dónall, soir go dtí an Neidín, agus ó thuaidh go Cill Airne arís. Tá 170km sa turas agus dreapadh na rothaithe os cionn 1,600m ar fad lena linn.

“Ní dhearna mé turas lae rothaíochta chomh mór seo riamh i mo shaol. Chuaigh mé 165km ó Passau sa nGearmáin go dtí Wien na hOstaire in aon lá amháin 2018 ach bhí an turas sin i ngleann na Danóibe agus bhí mé ag dul síos le fána den chuid ba mhó! Ach tá mé ag súil go mór leis, is breá liom a bheith ag rothaíocht agus ó chuala mé faoi Mhór-Chuaird Chiarraí agus mé i mo dhéagóir theastaigh uaim é a dhéanamh.
“Tá mé an-sásta go bhfuil os cionn €400 bailithe agam cheana féin do Tharrtháil na Beannaí. Déanann na báid tarrthála ar fud na hÉireann an-obair lá i ndiaidh lae agus mar bhádóir agus mar shnámhaí tá mé fíorbhuíoch díobh as an obair chrua sin. Is minic a bhíonn mé amuigh ar an bhfarraige i gCorca Dhuibhne agus in áiteacha eile i gCiarraí agus tá mé an-sásta cúnamh a thabhairt do Tharrtháil na Beannaí teacht i gcabhair ar dhaoine sa gceantar sin,” a dúirt Maitiú.
Is féidir airgead a dheonú trí leathanach tiomsaithe airgid Mhaitiú anseo.