Tá sé ráite ag Taoiseach is ag Tánaiste na tíre nach dtacaíonn siad leis an slad atá ag tarlú in Gaza ach ní fios an bhfuil beart déanta de réir a mbriathair. Is cosúil go raibh moill curtha ar an Bhille um na Críocha faoi Fhorghabháil, nach raibh sé pléite ná reachtaithe sa Dáil agus, go dtí seo, níl cosc ar bith curtha ar eitiltí míleata trí Aerfort na Sionainne.
Ar an drochuair, feictear dom go bhfuil béalghrá á léiriú ag ceannairí na tíre agus ról Thadhg an dá Thaoibh glactha acu.
Agus agóidí eagraithe ag Aerfort na Sionainne le deireannas (an 12 Deireadh Fómhair agus arís an 17 Samhain), bhí le feiceáil go raibh slua mór gardaí fostaithe ag an stát ar mhaithe le cosaint a thabhairt do na heitiltí míleata. Ní hamháin sin ach bhí costas ollmhór caite le fál mór a chur timpeall an aerfoirt – íoctha ag cáiníocóirí na tíre cinnte.
Cé go raibh na mílte i láthair ag na hagóidí seo, bhí ciúnas marfach maidir leis an scéal sna meáin go ginearálta. Murach na meáin shóisialta ní bheadh faisnéis ar bith go raibh éinne ann.
Ní mór dom a rá go raibh díomá an domhain orm maidir le drochiompar na ngardaí ar an 17 Samhain. Cé go raibh an lucht agóide ina seasamh go síochánta, baineadh úsáid as an lámh láidir le daoine a bhrú agus a bhuaileadh. Cinnte, baineadh geit as an phobal síochána toisc go raibh na Gardaí chomh brúidiúil sin.
Leagadh daoine go talamh, gortaíodh iad go fisiciúil agus fágadh daoine ag ceistiú cén fáth a raibh na Gardaí chomh foréigeanach sin ina gcuid oibre. Seans go gcuirfí i gcoinne an lucht agóide gur bhris siadsan an tsíochain ach, i ndáiríre, is ag iarraidh an chogaíocht a bhriseadh a bhíodar.
Faraor, dar liom nach bhfuil an teideal ‘Gardaí Síochána’ tuillte acu siúd a bhí ar dualgas ar an lá. Dá mbeadh siad ag iarraidh an tsíochain a chosaint, ba cheart is ba chóir dóibh seasamh ar aerstraicí an aerfoirt ag déanamh cinnte nach raibh eitiltí míleata SAM ag tuirlingt ar an tarmac.
Ar ndóigh, roghnaigh na gardaí céanna glacadh leis an obair bhreise a bheith ar dualgas agus an íocaíocht bhreise dá bharr. An dtuigeann siad go bhfuil fuil ar a gcuid lámh, go bhfuil siad ag tacú le trealamh míleata ar an bhealach le cinedhíothú agus slad a dhéanamh ar phobal na Palaistíne? Dá mbeadh coinsias acu, chaillfeadh siad codladh na hoíche ag breathnú ar bhuamaí leagtha in Gaza agus fios maith acu gur chuidigh siad leis na buamaí céanna ar a mbealach soir.
D’fhéadfá a rá nach ‘Gardaí Síochána’ iad a thuilleadh ach ‘Gardaí Cogaíochta’ agus cinnte dearfa tá muinín caillte ag an phobal síochána iontu. Is dócha go mbeadh siad féin ag rá go rabhadar ag leanstan orduithe – ach nach sin an chosaint a bhíonn ag gach póilín nó saighdiúir agus iad san eagóir!