Rinneadh cáineadh géar go hidirnáisiúnta ar an tráchtaire Kevin Myers tar éis dó ráiteas frith-Ghiúdach a scríobh sa Sunday Times an tseachtain seo caite.
Ní raibh cur amach ag mórán daoine thar sáile ar rámhaille Myers go dtí gur foilsíodh an t-alt náireach, ach ní hamhlaidh atá sé le pobal na Gaeilge dar ndóigh.
Is cosúil gurb é Myers an tráchtaire is míchlúití i measc na nGael agus ionsaithe déanta aige orainn le níos mó ná 20 bliain.
Ní mór a rá ón tús gur Taidhgín an Dá Thaobh atá i Myers – duine a ionsaíonn grúpaí éagsúla fad is atá sé ag séanadh go bhfuil fadhb aige leis na grúpaí céanna.
Séanann sé gur fuathaitheoir ban atá ann, ach creideann sé nach bhfuil mná chomh huaillmhianach ná chomh díograiseach ó thaobh oibre de is atá fir.
Deir sé nach bhfuil sé frith-Ghiúdach, ach scaip sé steiréitíopa faoi Ghiúdaigh agus airgead, steiréitíopa a bhí mar dhlúthchuid den bholscaireacht a d’úsáid na Naitsithe agus iad i mbun an Uileloiscthe.
Séanann sé go bhfuil sé ciníoch, ach deir sé gurb é SEIF an t-aon rud a thug an Afraic dúinn, déanann sé cur síos ar Barak Obama mar ‘mulatto’, agus deir sé gur scaoileadh saor sclábhaithe an Confederacy ró-thapa toisc go raibh siad “spleách ó thaobh cultúir de agus soineanta go sóisialta”.
Dar ndóigh séanann sé go bhfuil sé in éadan na Gaeilge, ach ionsaíonn sé an teanga ar iliomad bealach.
Ainneoin go bhfuil a fhios aige go maith go bhfuil pobal Gaeilge ann deir sé go bhfuil an Ghaeilge marbh, mar shampla, “So even though the language is dead – Erse is a hearse is how I have heard it described” nó “Only a widespread psychiatric disorder would maintain the myth of a living Irish language”.
Siar sna 1990í cháin sé Teilifís na Gaeilge agus níos déanaí rinne sé gearán faoin riail go dtabharfaí ainm Gaeilge ar eastáit tithíochta nua i mBaile Átha Cliath.
Ina measc na rudaí eile a ndearna sé cáineadh ar ná; litríocht na Gaeilge, an t-ainm Gaeilge atá ar an Luas agus logainmneacha Gaeilge ar chomharthaí an Luas, an t-ainm ‘Mac Gearailt’, agus, creid é nó ná creid, Gaelú an fhocail ‘crack’ (scríobh sé trí alt faoin gceist thromchúiseach seo; anseo, anseo is anseo).
Cuid de na ceannteidil ar ailt Kevin Myers san Irish Independent
An bealach a mhíníonn Myers an naimhdeas do na gnéithe beaga seo ná trí dhul i muinín teaictice atá ag biogóidithe de gach saghas – deir sé gur siombail iad den oll-chomhcheilg olc.
Maidir leis na heastáit tithíochta, mar shampla, “The real underlying purpose is to make yet another genuflection towards the enduring white elephant of language restoration”.
Mar aon le hionsaithe ar an teanga chuir sé fantaisíocht dhiúltach chun cinn faoi dhaoine atá gníomhach ar son na teanga, an “professional Gaeilgeoir, all críos agus geansaí”, go minic tríd comparáid a dhéanamh eatarthu agus Naitsithe (‘brainless Gaeilgeoir skinheads’) nó Cumanaithe (‘language-Stakhonovites’, ‘Stalinist grisly Gaelgeoir Revivalists’).
Rinne sé iarracht chomh maith nasc a dhéanamh idir daoine le Gaeilge agus sceimhlitheoireacht (“the Gaelgoiri and the ‘cultural republicans’ of post-terrorist Sinn Fein”).
Táthar ann a deir gur cheart neamhaird a thabhairt ar Myers agus a leithéid.
Deirtear nár cheart ‘ocsaigin na poiblíochta’ a thabhairt dó.
Is admháil é seo go bhféadfadh na hionsaithe seo dochar a dhéanamh áfach – muna raibh aon bhaol ag baint leo, cén dochar a dhéanadh tuilleadh poiblíochta?
Aontaíonn sciar suntasach den phobal le Myers ó thaobh na tuairime áiféisí go bhfuil an Ghaeilge ‘marbh’ – 30% de réir taighde a rinne Amárach Research in 2013 agus a foilsíodh cúpla bliain ó shin.
Anois cuir an cheist seo ort féin – dá mba rud é gur cheap tusa go raibh an teanga marbh an mbeadh mórán fonn ort í a fhoghlaim?
Dá mba rud é go raibh tú ag traenáil le bheith i do mhúinteoir bunscoile an mbeadh fonn ort an stró a chur ort féin teanga mharbh a fhoghlaim ar mhaithe leis an teanga mharbh seo a mhúineadh do pháistí?
An mbeadh mórán fonn ort do pháistí a chur chuig Gaelscoil?
Dá mba rud é gur raibh tú in eagraíocht Stáit nó i do shuí sa Dáil nó sa Rialtas an mbeadh mórán fonn ort airgead gann an cháiníocóra a chaitheamh ar theanga atá marbh?
Tá sé deacair a shamhlú nach ndéanann an tuairim aineolach, mhíloighciúil seo dochar don Ghaeilge agus gach uair a ndeir Myers agus tráchtairí eile le hardán sna meáin náisiúnta go bhfuil an Ghaeilge marbh, láidríonn sé an tuairim seo i measc an phobail.
Ní hamháin sin ach maslaíonn sé pobal na Gaeilge óir tugann sé le fios gur pobal agus daoine ‘marbh’ muid.
Ní ghlacann pobail eile lena leithéid agus tá sé thar am do lucht na Gaeilge a chur in iúl nach bhfuil muid sásta glacadh le biogóideacht, bíodh sé ó Myers nó ó éinne eile.
Tá feachtas ar bun ag Colm Ó Broin in éineacht le Conradh na Gaeilge i láthair na huaire a théann i ngleic le tuairimí aineolacha faoin nGaeilge. Tuilleadh eolais le fáil anseo.