‘Ní cead agat snámh anseo. Tuige? Mar is bean thú’

Bhí alltacht orm tráthnóna aréir nuair a cuireadh an ruaig orm féin agus ar dhuine eile as áit aitheanta snámha i mBaile Átha Cliath. Cén fáth? Mar gur bhean í mo chomrádaí snámha. 

Ar an stráice talún a dtugtar ‘Balla an Tairbh’ uirthi (nó Balla an Bhulla, de réir Logainm.ie), tá cúig ‘scáth snámha’, trí cinn ar an taobh thiar agus péire ar an taobh thoir. Go dtí le deireanas, bhí an phéint inar scríobhadh ‘Scáth Snámha na mBan’ agus ‘Scáth Snámha na bhFear’ imithe as agus níorbh fhéidir í a léamh dáiríre. 

Tá mé ag snámh ag an áit seo le blianta fada, agus ba mhinic a bhínn ann sa samhradh le grúpa mór déagóirí eile, idir bhuachaillí agus chailíní, agus ár rogha scáth snámha in úsáid againn, ag braith ar an taoille nó ar an bhfonn (nó easpa foinn!) a bhí orainn siúl go deireadh na promanáid. Ba bheag ár n-aird ar na comharthaí caite ar na ballaí, agus d’athraigh muid uilig, buachaillí agus cailíní, sna scáthanna céanna. 

Ó shin, is iomaí cuairt atá tugtha agam ar an áit, le fir agus mná araon, agus snámh deas suaimhneach curtha isteach agam ann.

Ní mar sin a bhí inné, áfach, nuair a shiúil muid isteach sa dara scáth, ar a bhfuil na focail ‘Scáth Snámha na bhFear’ anois scríofa athuair. Ba bheag ár n-aird air sin, agus thosaigh mé ag baint díom na héadaí. 

“Are you trying to sneak that woman in here again?” a fiafraíodh díom ón taobh eile den scáth. Bhí mearbhall orm, mar ainneoin na gcoireanna eile atá déanta agam i gcaitheamh mo shaoil, ní airím an gháinneáil ar dhaoine ar cheann acu.

“You were told the last time,” a dúirt an glór garbh gránna. Bhí mearbhall orm. Bhreathnaigh mé anonn ar an ngrúpa seanfhear a bhí suite sa taobh eile den scáth agus thosaigh ag gáire (deile a dhéanfainn?). Ní mó ná sásta a bhí siad, áfach, agus seo chugam urlabhraí le fodhlíthe Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a mhíniú dom.

Bhí an chosúlacht ar an scéal gur d’fhir agus d’fhir amháin an 20m seo de Mhuir Mheann.

D’éirigh eadrainn agus sa deireadh d’fhág an bheirt an scáth snámha agus shiúil dá chéad méadar suas chuig ‘Scáth Snámha na mBan’ mar a raibh fir agus mná  agus isteach linn sa bhfarraige gan a thuilleadh cainte. Agus mé istigh, bhreathnaigh mé ó thuaidh ar an scáth eile agus ar na fir a dhíbir muid istigh san uisce céanna linn.

Tá cinnte orm meon na bhfear a thuiscint agus dáiríre píre shíl mé gur fágadh an meon sin sna 1990idí nuair ‘ligeadh’ mná isteach chuig an Forty Foot ar an taobh eile den chathair. 

Is breá liom an snámh agus an fharraige, agus is iomaí áit ar fud an domhain ar shnámh mé ann. Ar Bhóthar na Trá i nGaillimh, tá láthair mhór amháin do lucht snámha ina n-athraíonn chuile dhuine de chuile chruth a gcuid éadaí. 

Sa samhradh, ar Thrá Chnocán Doirinne, trí nóiméad ón áit a raibh na fir seo suite, beidh na céadta, idir fhir agus mhná, ag baint na n-éadaí díobh os comhair a chéile le tumadh san uisce.

Is mithid do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a gcomharthaí seanfhaisteanta a bhaint anuas, mar a rinneadh ag an Forty Foot 25 bliain ó shin agus deireadh a chur leis an ngnéasachas atá á chur chun cinn acu. Is linne ar fad an fharraige, chuile mhéadar di. 

SCÉALTA EILE