‘Ní chuireann ginmhilleadh an t-éigniú ar ceal’

Is bean óg 22 bliana d’aois mé, agus beidh mé ag vótáil ‘Níl’ sa reifreann amárach.  Cad é a thugann cead dúinne — daoine ar bronnadh saol orainn cheana — vótáil chun an saol sin a dhiúltú ar dhaoine eile? Cén cead atá againn deireadh a chur le cearta, todhchaí agus beatha daoine eile? Ní féidir ach a rá gur mímhorálta an seasamh é. 

Mar atá cúrsaí faoi láthair, tugann an tOchtú Leasú cosaint don mháthair agus don leanbh sa bhroinn — ‘an beo gan bhreith’. Níl aon bhaol ann do shláinte na mná in airteagal seo ár mBunreachta. 

Tuigim gur féidir le cruachásanna teacht chun cinn uaireanta i saol daoine agus tá siad sin ar fad an-deacair agus an-truamhéalach gan amhras. Ach ní shílim go gceadaíonn na cásanna sin leanaí soineanta, duine a mbeadh saol dá gcuid féin acu ar ball, a mharú. 

Tá cairde agam féin a ndearnadh éigniú orthu, duine amháin acu nuair a bhí sí 19 mbliana d’aois. Fuair sí amach go raibh sí ag iompar clainne dá bharr. Ní féidir a shamhlú chomh deacair a bhí sé sin uirthi ach thuig sí i ndiaidh thráma an éignithe go mbeadh an ginmhilleadh ina thráma dúbailte. 

Chothódh sé sin tuilleadh péine agus tuilleadh bróin, pian agus brón nach n-imeodh choíche. Tá tacaíocht agus cúram ceart cuí de dhíth ar mhná mar seo, cosúil le mo chara. 

Cibé rud a shíltear ag an am, ní chuireann ginmhilleadh an t-éigniú ar ceal. Is amhlaidh a mharaíonn sé leanbh beag soineanta, nach raibh aon neart aige nó aici ar an dóigh ar gineadh iad. 

Mar a tharla, choinnigh mo chara a hiníon agus deir sí gur thug a hiníon brí di — ba ise an chúis ar éirigh sí amach as a leaba ar maidin, ba ise a choinnigh í ó lámh a chur ina bás féin, agus anois tá sí fíorbhródúil aisti féin agus as a hiníon. 

Cara eile liom, moladh dá tuismitheoirí ginmhilleadh a fháil mar go raibh tinneas ar a leanbh. Dúradh leo nach mairfeadh sí ar feadh i bhfad i ndiaidh a breithe, dá dtiocfadh sí ar an saol go fiú. 

Dhiúltaigh a tuismitheoirí don ghinmhilleadh agus thug siad deis na beatha dá n-iníon, atá anois 10 mbliana d’aois agus atá ar an duine is lárnaí ina dteaghlach. 

Is léir nach mbíonn a fhios ag na dochtúirí i gcónaí. 

Deirtear go minic go gcuireann an tOchtú Leasú cos ar mháithreacha a bheith ag fáil fíorchúram leighis, ach níl fírinne leis an méid sin ach an oiread. Tá aithne agam ar bhean eile a fuair an scéala go raibh ailse uirthi nuair a bhí sí ag iompar — ní raibh aon bhac uirthi ceimiteiripe a fháil mar ní cheadaítear é sin i ndlíthe na hÉireann. 

Tá mná ábalta cúram leighis a fháil agus iad torrach, agus má tharlaíonn go bhfaigheann an leanbh beag bás de thoradh an leighis sin, ní fhéadfá a rá gur ginmhilleadh atá ann. Ní hé gur maraíodh an leanbh bídeach soineanta d’aon turas ach fuair sé bás ar an ábhar go ndearnadh iarracht an mháthair a shábháil. 

Ach ní bheidh muid ag vótáil Dé hAoine ar na cruachásanna amháin.Táthar ag moladh ginmhilleadh a cheadú suas go trí mhí do leanaí agus do mháithreacha folláine agus ginmhilleadh suas go sé mhí ar chúinsí sláinte atá an-doiléir.

Dá mbeadh an vóta ‘Tá’ sa reifreann seo grámhar nó cásmhar nó cineálta i ndáiríre, bheadh comhbhá á léiriú don leanbh sa bhroinn nach bhfuil in ann é féin a chosaint. Seachas muinín a chur inár mná, áfach, tá muid ag cur muinín i lámha na bpolaiteoirí agus an rialtais. 

Anois, cé a dhéanfadh sin le beatha duine ar bith, óg nó sean? 

Tuigim go dtaistealaíonn mná thar sáile le ginmhilleadh a bheith acu, agus is trua liom na scéalta sin go mór. Ach cad chuige nach féidir linne anseo in Éirinn roghanna níos fearr a chur ar fáil dár mná féin seachas iad a bhrú thar sáile? 

Cad faoi infheistiú i gcúrsaí oideachais, cúram sláinte, agus tacaíocht cheart a sholáthar do theaghlaigh, máithreacha nua agus aon bhean i gcruachás? Nuair nach dtuigeann bean go bhfuil cuidiú le fáil, is minic a roghnódh sí réiteach tragóideach, ach ní gá é a bheith mar sin. 

Is minic a bhíonn muid mar Éireannaigh ag sodar i ndiaidh na ndrochnósanna ó thíortha eile, ach ní gá é a bheith mar sin ach an oiread. 

Is féidir le muintir na hÉireann seasamh a ghlacadh ar son an dóchais agus na beatha. Tá mise ag vótáil ‘Níl’ mar gur mhaith liom go mbeadh cearta ag an dream is soineanta inár sochaí. 

Tá mé ag vótáil ‘Níl’ mar nach mothaím compordach le clinicí ginmhillte a bheith oscailte i mbailte móra agus in ospidéil uilig na tíre, inár féidir le mná torracha dul isteach agus deireadh a chur le beatha a leanaí. Ta súil agam go n-úsáidfidh tusa do ghuth-sa ar son na naíonán gan ghuth chomh maith. 

SCÉALTA EILE