Níl a fhios ag a lán daoine é seo, agus ní raibh a fhios agam féin é go dtí thart ar leathbhliain ó shin, ach tá dealbh den Phrionsa Albert, fear céile na Ríona Victoria, ar thalamh Theach Laighean. Ní fheictear é ar aon turas scoile é ná lá oidhreachta ach tá sé ann agus tá mise ag iarraidh fáil réidh leis.
“Nach cuma?” a deir tú, “nach bhfuil cathair Bhaile Átha Cliath lán dá leithéid?” Níl. Tar éis bhunú an tSaorstáit baineadh anuas, nó pléascadh, nach mór gach dealbh a bhain leis an Ríocht Aontaithe a bhí sna 26 contae.
Ach tá an ceann seo fós ina sheasamh. Chonaic mé é den chéad uair agus mé ar cuairt ar chara liom atá ag obair i nDáil Éireann. Leath i bhfolach idir sceacha i gcarrchlós na Dála atá an dealbh d’Albert ag gobadh amach, ar nós fear clampála aisteach seanfhaiseanta! Toisc gur duine fiosrach mé, chuaigh mé chun breathnú ar an dealbh. Caithfidh mé a rá gur dealbh slachtmhar atá ann, a dhear John Henry Foley, an fear céanna a dhear an dealbh de Dhónall Ó Conaill atá ar Shráid Uí Chonaill. Mar sin féin, ní mó ná sásta a bhí mé go raibh rian d’impireacht na Breataine fós ann i gceartlár Phoblacht na hÉireann.
Ní hé gur poblachtánach amach is amach mé, ach seo dealbh den Phrionsa Albert, an fear céanna a thug cuairt ar Éirinn aimsir an Ghorta Mhóir agus a chuir muintir na hÉireann i gcomparáid le “lucht déirce na hIodáile”. Níorbh aon chara é ná a bhean chéile, Victoria, le muintir na tíre seo.
Nach bhfuil áit éigin níos oiriúnaí go bhféadfaí a fháil don dealbh seo, seachas a bheith sáite i gcarrchlós? Chuir mé iarratas isteach ar an gComhchoiste um Achainíocha ón bPobal. Coicís ó shin cuireadh m’iarratas go mbainfí an dealbh faoi bhráid an Choiste.
Ní raibh mé ag tnúth leis an méid airde a tharraing an scéal sna meáin. Bhí míreanna ar leithéidí TheJournal.ie, Newstalk, The Irish Times agus The Mirror. Bhí ar an Taoiseach Leo Varadkar a ladar a chur sa scéal fiú, agus a rá go raibh sé sásta go bhfanfadh an dealbh an áit a bhfuil sé.
Ní raibh mé ag tnúth ach oiread leis an méid clamhsáin a rinneadh fúmsa go pearsanta, go príomha ag daoine a bhí ag rá gur cur amú ama a leithéid a dhéanamh. Maíodh gur fearr an dealbh a fhágáil mar a raibh sé. Cuireadh i mo leith gur ‘muppet’, ‘fanatic’ nó ‘snowflake’ mé agus níos measa fós, ‘polaiteoir’! Ní polaiteoir mé, is ar éigean go gcaithim vóta fiú – seachas ar Strictly Come Dancing!
Ba mhaith liom an deis a thapú anois le rá nach weirdo mé, is gnáthbhean mé. Rinne mé an t-iarratas go mbainfí an dealbh d’Albert anuas, mar a baineadh an dealbh dá bhean chéile in 1948, agus go gcuirfí in áit ar láthair níos oiriúnaí é. Tá an dealbh sáinnithe sa charrchlós agus gan radharc air ó áit phoiblí ar bith. Mar sin féin, tá sé le feiceáil go soiléir ag duine ar bith a bhíonn ag siúl timpeall Theach Laighean. Cuireann an dealbh leath-shofheicthe agus leath-dhofheicthe seo an gaol míchompordach atá ag an Stát le hoidhreacht na hImpireachta i gcuimhne dom.
Ní shéanaim áilleacht agus luach na deilbhe, ach mar sin féin níl sé oiriúnach go mbeadh Albert ina sheasamh ag Teach Laighean ag croí na Poblachta. Tá mé cinnte go bhfuil daoine ann ar mhaith leo an dealbh a fhágáil mar atá agus go ndéarfar gur ag athscríobh na staire atá mise. Déarfar go gcaithfear gach gné dár n-oidhreacht a chomóradh, idir mhaith agus olc, ach deirimse nach féidir ceiliúradh a dhéanamh ar rud ar bith má dhéantar comóradh ar gach rud. Theastaigh uaim go n-aimseofaí áit d’Albert i músaem nó áit eile oiriúnach nó é a dhíol le tír eile agus an brabach a úsáid ar leas an phobail amach anseo.
Ar deireadh chinn an Coiste go bhfágfaí an dealbh mar atá. Is é an bac is mó a bheadh ar an bplean é a dhíol ná nach fios dúinn cé leis an dealbh. Dúirt an Coiste go dtabharfaí deis d’Oifig na nOibreacha Poiblí úinéir oifigiúil na deilbhe a aimsiú ach go dtí sin nach féidir aon rud a dhéanamh.
Caithfidh mé a rá go raibh díomá orm ach níl an dóchas caillte amach is amach. Bhí ionadh orm freisin cé chomh héasca is a bhí sé iarratas dá leithéid a dhéanamh, díreach 250 focal a scríobh chuig an gComhchoiste um Achainíocha ón bPobal agus tá sé i bhfad níos éifeachtaí ná a bheith ag dul i muinín Facebook nó Twitter.