Níl tada morálta faoi chur isteach ar dhuine atá ag dul ag an ospidéal

Tharla sé go raibh mé ar an gclár Tús Áite le Michelle Nic Grianna ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le seachtain, ag caint ar spórt na mban, ach sular scaoileadh ar aer mé, bhí orm cúpla nóiméad a chaitheamh ag éisteacht leis an té a bhí ar an gclár romham. 

Tá na blianta caite agam ag éisteacht le daoine nár aontaigh mé leo ar chúinsí éagsúla, agus ní ghoilleann sé sin orm, mar ag deireadh an lae, tá cead againn ar fad ár gcuid tuairimí féin a bheith againn. 

Creidim, áfach, go gcuirtear deireadh leis an gcead sin, nuair atá tú ag gortú daoine, nó ag insint bréaga, nó ag spreagadh naimhdis nó gráin.

Ar an aer, bhí Ciarán Ó Coigligh, a mhothaigh go raibh sé ceart léirsiú taobh amuigh d’ospidéil agus clinicí, chun leanaí sa mbroinn a chosaint, dar leis. Má tá sé gaibhte amú ort, ó ceadaíodh seirbhísí ginmhillte, tá roinnt ag léirsiú taobh amuigh d’ospidéil éagsúla, agus clinicí má fhaigheann siad amach go bhfuil an dochtúir sásta tacú le cearta bunreachtúla na mban. 

Tuigim go bhfuil údair éagsúla ag daoine cur in aghaidh an ghinmhillte. Tuigim go bhfuil sé deacair glacadh le toradh an reifrinn. Is féidir léirsiú taobh amuigh den Dáil, taobh amuigh den Roinn Sláinte, taobh amuigh d’oifig Simon Harris. 

Is féidir leanacht leis an mbolscaireacht, agus labhairt go múinte le daoine in iarracht a ndearcadh a chur chun cinn. Is féidir roghnú gan ginmhilleadh a bheith acu. Labhair Ó Coigligh faoin dlí, ag rá go raibh sé éagóireach agus gur cheart cur ina aghaidh. Tá an cead sin aige.

An easpa ionbhá a léirigh sé leis na daoine a bhí ag dul chuig an ospidéal a chuir fearg orm. An dearcadh a bhí aige nuair a ceistíodh é faoi chur isteach ar dhaoine a bhí ag dul chun bealaigh ná nach mbeadh an chuid is mó acu ag dul chuig rannóg an mháithreachais ar chor ar bith. 

Níl aon duine atá i mbarr a tsláinte ag dul ag an ospidéal. Ag déanamh imní a bhíonn an chuid is mó againn. Tá tástáil le déanamh, tá drochscéala le teacht, tá duine éigin a bhaineann linn go dona tinn, nó ag fáil bháis. 

Más bean tú, tá sé níos casta arís, mar níl a fhios riamh againn cén scéal nó rún atá aici. B’fhéidir go raibh an drochscéal faighte cheana féin aici. B’fhéidir nach bhfuil an saol i ndán don pháiste ina broinn mar gheall ar mhínormáltacht mharfach féatais. B’fhéidir gur éigníodh í. B’fhéidir, ar chúinsí éagsúla, go gcuirfí a beatha i mbaol. 

Labhair Ó Coigligh faoi thaighde idirnáisiúnta, gan aon fhoinse, faoi gur féidir inchinn na mban a athrú trí labhairt leo ag an ngeata agus “míniú” dóibh céard atá ar bun acu. Mar ar ndóigh, seans maith nach ndearna na mná seo aon mhachnamh ar an gcinneadh roimhe sin. 

Meas tú ar smaoineamh sé riamh gur ag cúlú ón drong a bhíodar, má tharla sé ar chor ar bith? Cuir é sin i gcomparáid le taighde láidir ó Chumann Síceolaíoch na hÉireann, a dúirt go raibh an dlí a bhí againn ag cur beatha mná i mbaol. Níl tada morálta faoi chur isteach ar aon duine atá ag dul ag an ospidéal. Tá a ndóthain orthu, gan a bheith ag déileáil leis an gcineál sin easpa tuisceana. Tá an tsráid taobh amuigh de Theach Laighean sách fairsing do do chuid plaiceard. 

SCÉALTA EILE